2 Agus tárla, a nuáir do ċríoċnuiġeadar iṫe féir na tíre, annsin a duḃairt misi, a Ṫiġearna DIA, maiṫ, íarruim daṫċuinge ort: cía le neireoċuiḋ Iácob? óir is beag é.
Oír do ḟolċadar aġaiḋ na talṁan uile, ionnus gur dorċuiġeaḋ an talaṁ: agus a dúadar gaċ uile luiḃ ar an ttalaṁ, agus uile ṫoraḋ na gcrann, noċ do ḟág an ċloiċṡneaċda: agus níor ḟan einní glas ar na crannuiḃ, nó a luiḃiḃ na talṁan, ar feaḋ ċríċe na Hégipte uile.
Agus a duḃáirt, Má fuáir mé annois grása ann do raḋarc, ó a TIĠEARNA, tigeaḋ an TIĠEARNA nar measg, guiḋim ṫú; (óir is dáoine cruáḋṁuiníl íad); agus maiṫ ar ccoir agus ar bpeacaḋ, agus glac sinn mar hoiġreaċd féin.
Do bféidir go ccluinfeaḋ an TIĠEARNA do Ḋíase bríaṫra Rabsáceh, noċ do ċuir ríġ na Hassíria a ṁaiġistir do ṁasIuġaḋ an Dé ḃí, agus go naiṫḃeoruiḋ sé na bríaṫra do ċúala an TIĠEARNA do Ḋíase: uímesin tóg súas hurnaiġ ar son a nfuiġill do fágḃaḋ.
Agus a dúḃradar ris an ḃfáiġ Ieremiah, Guiḋmid ṫú, tuiteaḋ ar ngearán ad laṫair, agus guiḋ air ar son ċum an TIĠEARNA do Ḋía, eaḋon ar son a nfuiġillsi uile; (óir níor fágḃaḋ aguinn aċd beagán do ṁórán, mar do ċíd do ṡúile sinn:)
Agus tárla, an tan do ṫairrġir misi, gur éug Pelatiah mac Benaiah. Annsin do ṫuit mé síos ar maġaiḋ, agus déiġ mé lé gúṫ árd, agus a duḃairt, Ah a Ṫiġearna DIA! an ccuirfiḋ tú deireaḋ iomlán le fuiġiol Israel?
¶ Agus tárla, an feaḋ do ḃádar dá marḃaḋ agus do fágḃaḋ misi, gur ṫuit mé ar maġaiḋ, agus gur éiġ mé, agus go nduḃairt mé, Ah, a Ṫiġearna DIA! an muirfiḋ tú ar fágḃaḋ Disrael a ndórtaḋ amaċ do ḋíḃḟeirge ar Ierusalem?
O a Ṫiġearna, éisd; a Ṫiġearna, maiṫ; a Ṫiġearna, cluinn agus déan; ná mainniġ, ar do ṡon féin, O mo Ḋía: óir is as hainm goirṫear do ċaṫair agus do ṗobal.
Guiledís na sagairt, seirḃisiġ an TIĠEARNA, eidir an bpóirse agus a naltoir, agus abraidís, Coigil do ṗobal, a ṪIĠEARNA, agus ná taḃair hoiġreaċt ċum masla, iondus go riaġloċaidís na geinte ós a ccionn: cred as a naibeoraidís a measc an ṗobail, Cait a ḃfuil a Ndia?
Do ḃuáil mé siḃ le loscaḋ gaóiṫe agus le milċéo: an tan dfásadar ḃur ngáirdíne agus ḃur ḃfíneaṁna agus ḃur ccroinn fíge agus ḃur ccroinn ola, do ṁill an ṗéisd palmer íad: giḋeaḋ níor ḟilleaḃair ċugamsa, a deir an TIĠEARNA.
Oír cía do ṫarcuisniġ lá na niṫeann mbeag? óir gairdeoċuid, agus do ċífid an doruḃa a láiṁ Ṡerubbabel maille ris an móirṡeisior sin; isíad suile an TIĠEARNA, noċ rioṫios síos agus súas air feaḋ na talṁan uile.
Agus a duḃraḋ ríu, Gan doċar do ḋéunaṁ dféur na talṁan, na do ní glas ar biṫ, ná do ċrann ar biṫ; aċd do na daóiniḃ aṁáin ag naċ ḃfuil séula Dé a gcláruiḃ a néudan.