Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Amos 5:4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 ¶ Oír is marso a deir an TIĠEARNA ré tiġ Israel, Iarruiḋsi misi, agus mairfiḋe:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Amos 5:4
27 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Guiḋim ṫú, O a ṪIĠEARNA, cuiṁniġ a nois mar do ṡiuḃail mé ad laṫair a ḃfírinne agus maille re croiḋe iomlán, agus go ndéarna mé an ní buḋ ṁaiṫ ad raḋarc. Agus do ġuil Heseciah go géur.


¶ Agus ṫusa, a Ṡoluiṁ a ṁic, bioḋ fios Dé haṫar agad, agus deana serḃis dó le croiḋe iomlán agus lé toil aontaḋuiġ: óir spíonuiḋ an TIĠEARNA na huile ċroiḋṫe, agus tuigiḋ sé na huile ḃreaṫnuiġṫe na smuaintiġeaḋ: ma íarrann tú é, do ġeaḃa tú é; aċt má ṫréigionn tú é, teílgfiḋ sé úaḋ ṫú go bráṫ.


Agus do ċúaiḋ sé amaċ a ccoinne Asa, agus a duḃairt ris, Eistiġ riomsa, Asa, agus Iúdah uile agus a Ḃeniamin; Atá an TIĠEARNA maille riḃ, an feaḋ ḃéiṫi maille ris; agus má íarṫaoi é, atá se ar faġáil agaiḃ; aċt ma ṫréigṫí é, tréigfiḋ sé siḃ.


Agus do ġaḃ eagla Iehosaṗat, agus do leíg é féin díarruiḋ an TIĠEARNA, agus dfuagair sé troscaḋ air feaḋ Iúdah uile.


Agus do ċruinniġ Iúdah íad féin a ccionn a ċéile díarruiḋ cunganta air an TTIĠEARNA: eaḋon as caiṫreaċaiḃ Iúdah uile ṫangadar díarruiḋ an TIĠEARNA.


¶ Oír annsa noċdṁaḋ blíaḋuin dá ríġe, an feaḋ do ḃí sé fós óg, do ṫosuiġ se Día a aṫar Dáiḃi díarruiġ: agus annsa dara blíaḋuin déag do ṫosuiġ ar Iúdah agus Ierusalem do ġlanaḋ ó na háitiḃ árda, agus ó na garránuiḃ, agus ó na híoṁáiġiḃ greanta, agus ó na hioṁáiġṫiḃ leaġṫa.


Dféuċ an TIĠEARNA a núas ó neaṁ air ċloinn na ndáoine, dféuċuin an raiḃ aonduine do ṫuigfeaḋ, agus diarrfaḋ Día.


Iosaid na daoine macanta agus biáid sásta: molfuid an TIĠEARNA an luċd íarrus é: mairfiḋ ḃur ccroiḋe go bráṫ.


Mar a duḃairt tusa, Iarruiḋse mo aġaiḋ; haġuiḋ, a duḃairt mo ċroiḋesi riot, Iarrfad a ṪIĠEARNA.


Do ċífiḋ an tuṁal sin, agus do ḋéana gáirdeaċus: agus mairfiḋ ḃur ccroiḋesi noċ íarrus Día.


Oír cluiniġ Día na boiċt, agus ní ṫarcuisniġeann a ṗríusúnaiġ.


Aṁairg don droing ṫéid síos don Négipt ċum caḃra; agus ḟanas ar eaċaiḃ, agus ḋóṫċusuiġios a ccarbaduiḃ, do ḃríġ go ḃfuihd iomadaṁuil; agus a marcṡlúaġ, do ḃríġ go ḃfuilid láidir; aċt ní ḟéaċuid síad Dáon Naoṁṫa Israel, ní íarruid síad an TIĠEARNA!


Cláonuiḋ ḃur cclúas, agus tigiḋ ċugamsa: clúiniḋ, agus mairfiḋ ḃur nanam, agus do ḋéana misi ccunnraḋ síorruiḋe riḃ, eaḋon grása daingne Ḋáiḃi.


Aċt a dúḃairt Ieremiah, Ní ṡeaċóduid síad ṫú. Uṁluiġ, íarruim daṫċuinge órt, do ġúṫ an TIĠEARNA noċ laḃruimsi riot: mairsin ḃías sé go maiṫ agadsa, agus mairfiḋ hanam.


Do ṡiuḃail ann mo reaċtaiḃse, agus do ċoiṁéad mo ḃreiṫeaṁnuis, do ḋéanaṁ go fírinneaċ; atá sé ceart, mairfiḋ sé go deiṁin, a deir an Tiġearna DIA.


Síolċuiriḋ ḋíḃ féin a nionracus, beanuiḋ a ttrócaire; brisiḋ súas ḃur ḃféarainn branair: óir is miṫid an TIĠEARNA díarruiḋ, nó go ttí sé agus go ḃfearuiḋ fíreuntaċt oruiḃ:


Iarruiḋ an TIĠEARNA, agus mairfiḋe; deagla go mbrisfeaḋ sé amaċ aṁuil teine a ttiġ Ióseṗ, agus go loisgfioḋ sé é, agus naċ bíaḋ duine air bioṫ a Mbet‐el do ṁúċfaḋ é.


Iarruiḋ an TIĠEARNA, siḃsi a uile ḋrong ceannsa na talṁan, noċ doibriġ a ḃreiṫeaṁnus; íarruiḋ fíreantaċd, iarruiġ macántaċd: do bfeídir go ḃfoileoċṫáoi síḃ a ló ḟeirge an TIĠEARNA.


Oír gaċ uile neaċ iárrus glacuiḋ sé; agus gioḋ bé lorgaireas do ġéiḃ sé; agus is don té ḃuaileas an dorus oisgéoltar.


Agus a duḃairt sé ríu, Suiġiḋ ḃur ccroiḋṫe ar na huile ḃríaṫraiḃ do nímsi dfiaḋnuġaḋ ḃur measc a niuġ, noċ aiṫeontaói da ḃur ccloinn do ċoiṁéad do ḋéanaṁ, bríaṫar an dliġesi uile.


Oír ni ní díaṁaoin duitsi é; de ċionn gur bé do ḃéaṫa é: agus is leis an ní si ḟaideoċṫa tú do láeṫe san dúiṫċe, a ḃfuil tú ag dul a nonu tar Iordán da ṡealḃuġaḋ.


Aċd má ġuiḋeann tú an TIĠEARNA do Ḋía as sin, do ġeaḃa tú é, má íarrann tú od uile ċroiḋe agus od uile anam é.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ