¶ A laeṫiḃ Ṗecah ríġ Israel ṫínic Tiglat‐pileser ríġ na Hassiria, agus do ġaḃ sé Hiion, agus Abel‐betmaaċa, agus Ianoah, agus Cedes, agus Hásor, agus Gíleadi, agus Galilee, agus fearann Napṫali uile, agus rug a láiṁ íad go Hassiria.
Agus do ḟágḃadar uile aiṫeanta a TTIĠEARNA Día, agus do rinneadar ḋóiḃ féin ioṁáiġeaḋ leaġṫa, ḋá láoġ, agus do rinnedar garrán, agus do aḋradar slóġ neiṁe uile, agus do aḋradar Baal.
Cláonfuiḋ an talaṁ ċugad is uáit mar ḟear meisge, agus áṫroċṫar é aṁuil máinreaċ; agus biáiḋ a ċoir féin trom air; agus tuitfiḋ sé, agus ní éireoċa sé a rís.
Ag so an focal do laḃair an TIĠEARNA ḋá ṫáoḃ; Do ṫarcuisniġ, an ṁaiġdion, inġean Síon ṫú, agus do rad gáir ḟoċṁuide fúd; do ċroiṫ inġean Ierusalem a ceann ort.
Noċ do ḃeir amaċ an carbad agus an teaċ, an slúaġ agus na cuṁaċda; luiġfid síad síos le ċéile, ní éireoċuid síad: atáid múiċte, do ṁúċaḋ íad aṁuil barraċ.
¶ Uimesin déura tú an focalso ríu; Sildís mo ṡúile sios a ndéoruiḃ do ló agus doiḋċe, agus ná scuirdís: óir do briseaḋ maiġdion inġean mo ṁuinntire maille ré briseaḋ mór, lé buille ro niṁneaċ.
Uimesin is marso a deir an TIĠEARNA: Fíafruiġiḋse a nois a measg na ngeinteaḋ, cía ċúaláiḋ a leiṫéid so do neiṫiḃ: do rinne maiġdion Israel ní ro aḋḟúaṫṁar.
Ag ráḋ ré smotán, Is tú maṫair; agus ré cloiċ, Is tú do ġein mé: óir diompoiġeadar a ndruim riomsa, agus ní hé a naġaiḋ: aċd a nám a mbuáiḋearṫa déuruid, Eiriġ, tárṫuiġ sinn.
Cuirfe mé a rís súas ṫú, agus cuirfiġear súas ṫú, a ṁaiġdion Israel: biáiḋ tú a rís ar do scíaṁuġaḋ lé tiompanuiḃ, agus raċa tú amaċ a ndaṁsaiḃ na druinge do ní súgraḋ.
Agus tuisliġfiḋ agus tuitfiḋ an tuáiḃreaċ, agus ní ṫógfuiḋ duine ar biṫ súas é: agus lasfuiḋ mé teine iona ehaiṫreaċaiḃ, agus lóisgfiḋ mé a nuile uí iona ṫimċioll fa ccuáirt.
Agus a déara tú, Is marso raċus an Ḃabilóin a níoċtar, agus ní éireoċa sí ó nolc do ḃéara misi uirre: agus béid siad coirṫe. An ċoṁḟadsa atáid bríaṫra Ieremiah.
Oír ṫáinic an bás súas ċum ar ḃfuinnéog, agus do ċuáiḋ sé a steaċ ann ar bpálásuiḃ, do ġearraḋ na cloinne amaċ ón tsráid, agus na ndaóine óg ó na sráidiḃ.
Cred an ní ġéaḃus mé dfiaḋnuisi ar do ṡon? cred an ní ṡaiṁleaċus mé ríot, a inġean Ierusalem? cred ċoṁmórad ríot, ċor go ccoṁḟurtuiġinn ṫú, a ṁaiġdion inġean Sion? óir is mór mar a nfairge do ḃriseaḋ: cla ḟéadas do leiġios?
An drong ṁionnuiġios fa ṗeacaḋ Ṡamária, agus a deir, A Ḋan, mairiḋ do ḋía se; agus, mairiḋ moḋ Ḃeer‐seba; eaḋon tuitfid síadsin, agus ní éireoċuid súas a rís go bráṫ.
¶ Annsa ló sin tóigfe mé súas tabernacuil Ḋáiḃi do ṫuit, agus druidfiḋ mé súas a ḃeárnaḋa; agus cóireaċa mé ar ṫuit de, agus cuirfe mé súas é mar annsna laéṫiḃ a nallód: