¶ Gáirdiġ, a ḋuine óig, ann hóige; agus cuireaḋ do ċroiḋe súgaċus ort a láeṫiḃ hóige, agus siuḃail a sliġṫiḃ do ċroiḋe, agus a raḋarc do ṡúl: aċt bíoḋ a ḟios agad, ar son na neiṫionnso uile go ttiuḃraiḋ Día ċum breiṫeaṁnus ṫú.
Ar ḃur sonsa, a ṫiġ Israel, is marso a deir an Tiġearna DIA, Imṫiġiḋ, foġnuiḋ gaċ uile ḋuine agaiḃ dá ioḋaluiḃ féin, agus na ḋiáiġsin mar án ccéadna, muna néistiġe riomsa: aċt ná truáilliḋe mainm náoṁṫa ní as mó lé ḃur mbrontuiḃ, agus le ḃur nioḋaluiḃ.
¶ Má atá go ndéana tusa, a Israel, stríopaċus, ṫairis sin ná ciontuiġeaḋ Iúdah; agus ná tígiḋse go Gilgal, narab mó raċtaói súas go Bet‐aḃen, agus ná mionnuiġiḋ, Mairiḋ an TIĠEARNA.
Atáid a ccionta uile a Ngilgal: óir is ann sin do ḟúaṫaiġ mé íad: ar son uilc a ngníoṁ díbeora mé as mo ṫiġ íad, ní ġráiḋeoċa mé íad ní sa ṁó, atáid a bprionusaḋa uile easurramaċ.
Aċt ná híarruiḋ Bet‐el, agus ná héirġiḋ a steaċ go Gilgal, agus ná gluáisiġ go Beer‐seba: óir raċfuiḋ Gilgal go deiṁin a mbraiġdionas, agus raċfuiḋ Bet‐el a neiṁní.
Ann sin tig sé ċum a ḋeisciobal, agus a deir sé ríu, Codluiḋ feasda, agus coṁnuiġiḋ: féuċ, do ḋruid a núair rinn, agus a tá Mac an duine agá ṫaḃairt a láṁaiḃ na bpeacaċ.
Agus táinic sé an treas úair, agus a duḃairt sé riú, Codluiḋ a nois, agus coiṁnuiġiḋ: is lór sin, ṫainic an úair; féuċ, do ḃeirṫear Mac an duine a láṁuiḃ na bpeacṫaċ.
¶ A nuáir ċuirfios tú críċ ar ġaḃail deaċṁuiḋ do ḃisiġ uile an treas bliaḋain, ḃaḋuin ġaḃala na deaċṁuiḋ, agus go ttug tú í don Leḃíteaċ, agus don ċoiṁiṫeaċ, agus don dilleaċda, agus don ḃaintreaḃuiġ, ionnus go niṫid taoḃ a stiġ dot ḋoirsiḃ, agus go mbéid sáiṫeaċ;