¶ Agus do briseaḋ an ċaṫair súas, agus do ṫeiṫeadar luċd an ċoguiḋ eile san noíḋċe a sliġe an ġeata eidír an dá ḃalla, noċ atá láiṁ re gáirdin an ríġ: (anois do ḃádar na Caildeánuiġ a naġaiḋ na caiṫreaċ timċioll fa ccuáirt): agus dimṫiġ an ríġ annsa tsliġe leaṫ ris an réiteaċ.
Agus do ċúadar na ndiaíġ go Iordan, agus, féuċ, do ḃi an tsliġe lán déuduiġiḃ agus do ṡoiṫiḋiḃ, noċ do ṫeilgeadar na Sírianuiġ uaṫa íona ndeiṫnios. Agus dfilleadarna teaċda, agus dinnisiodar sin don ríġ.
Annsin do briseaḋ súas an ċaṫair, agus do ṫeiṫeadar na fir ċogaiḋ uile, agus do ċúadar amaċ as an ccaṫruiġ san noiḋċe a sliġe an ġeata idir an dá ḃalla, noċ do ḃí ag gáirdin an ríġ; (anois do ḃádar na Caldéanuiġ láiṁ ris an ccaṫruiġ ṫimcioll fa ccuairt:) agus do ċúadar a sliġe an réitiġ.
Agus an prionnsa atá iona measc iomċoruiġ sé air a ġúaluinn annsa dorċadus, agus raċfuiḋ sé amaċ: toiċeoluid síad ṫríd an mballa do ḃreiṫ ṫríd amaċ: foileoċa sé a aġaiḋ, ċor naċ ḃfaicfe sé an talaṁ lé na ṡúiliḃ.
Ní mó ḟeadfas a nairgiod nó a nór a sáoraḋ a ló ḟeirge an TIĠEARNA; aċt sluigfiġear an talaṁ uile le teine a éuda: óir cuirfiḋ sé deireaḋ deiṫneasaċ leis a nuile ḋuine dá náitreaḃann san tir.
Oír créd é a ṫarḃa do ḋuine, da ngnoḋuiġeaḋ sé an doṁan uile, agus a anam féin do leígean a muġa? No créd í an ṁalairt do ḃeuraḋ duine ar son anma féin.