Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Amos 4:2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Do ṁionnuiġ an Tiġearna DIA fa na náoṁṫaċt, féuċ, go ttiucfuid na laeṫe oruiḃ, go mbéara sé leis siḃ le crúcaḋuiḃ, agus ḃur slioċt le duḃánuiḃ íascuireaċta.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Amos 4:2
11 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ṫugas mo ṁionna áonuair dar mo náoṁṫaċt naċ déanuinn bréug re Dáiḃi.


Biaiḋ a ṡlioċd go bráṫ, agus a ċaṫaóir ríoġḋa mar an ġrian ós mo ċoinne.


Do ḃríġ go ttáinic do ċúṫaċ am aġaiḋ, agus do ḃuaiḋreaḋ, súas am ċlúasaiḃ, uimesin cuirfe mé mo ḋuḃán ann do ṡróin, agus mo ṡrían ann do ḃéul, agus fillfe mé ar hais ṫú annsa tsliġe iona ttáinic tú.


¶ Féuċ, cuirfe mé fios air ṁórán íascaireaḋ, a deir an TIĠEARNA, agus géaḃuid siad íad; agus na ḋíaiġsin cuirfiḋ mé fios ar ṁórán sealgaireaḋ, agus do ḋéanaid a ḃfíaḋaċ ó gaċ uile ṡlíaḃ, agus ó gaċ uile ċnoc, agus a maċ as polluiḃ na ccarrac.


Aċt cuirfe misi duḃáin ann do ġíalluiḃ, agus do ḃéara mé air íasc haiḃneaḋ seasaṁ air do lannuiḃ, agus do ḃéara mé a níos ṫú as lár haiḃneaḋ, agus greamoċuid uile íasc haiḃneaḋ dot lannuiḃ.


Iarrfa mé an ní do ċuáiḋ a muġa, agus do ḃéara mé liom a rís an ní do díbreaḋ, agus ceangola mé súas an ní do briseaḋ, agus neartoċa mé an ní do ḃí tinn: aċt scriosfa mé an méuṫ agus an láidir; beaṫoċad íad le breiṫeaṁnus.


Agus fillfiḋ misi ar hais ṫú, agus cuirfe mé duḃán ann do ġíalluiḃ, agus do ḃéara mé amaċ ṫú fein, agus do ṡlúaġ uile, eiċ agus marcṡlúaġ, íad uile éidiġṫe maille ris a nuile ġné airm, cuideaċta ṁór fós ré buicléaruiḃ agus re scíaṫaiḃ, íad uile ag glacaḋ cloiḋṁṫe:


Do ṫug an TIĠEARNA Día é féin mar ṁionnuiḃ, a deir an TIĠEARNA Día na slóġ, Fúaṫuiġim oirḋearcus Iácob, agus fúaṫuiġim a ṗáláis: uimesin seaċóduiġ mé súas an ċaṫair gun a ḃfuil innte uile.


Do ṁionnuiġ an TIĠEARNA tres oirḋearcus Iácob, Go deiṁin ní ḋearmoda mé go bráṫ áoinni dá noibreaċaiḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ