Oír is aiṫniḋ ḋaṁsa é, go ttiuḃra aiṫne ḋá ċloinn, agus dá ṫeaġlaċ na ḋiaiġ, agus coiṁédfuid sliġe an TIĠEARNA do ḋéunaṁ ceirt agus breiṫeaṁnuis; ionnus go ttiuḃra an TIĠEARNA air Abraham an ní sin do laḃair dá ṫaoḃ.
Uime sin éiriġ annois, treóruiġ an pobal do náit a duḃairt mé riot: feuċ, raċaiḋ Maingeal roṁad: giḋeaḋ an lá ṫiucfas me dḟeaċuin orra leanfuiḋ mé a bpeacaḋ orra.
Oír, féuċ, goirfiḋ misi uile ṁuinnteara rioġaċt an tuáisceirt, a deir an TIĠEARNA; agus tiucfuid síad, agus suiġfid gaċ aon díoḃ a ċaṫaoir ríoġa a ndul a steaċ ġeata Ierusalem, agus a naġaiḋ a ballaḋa uile fa ccuáirt, agus a naġaiḋ ċaiṫreaċ Iúdah uile.
Dóirt amaċ do ḋíḃḟearg ar na geintiḃ dá naċ aṫnid ṫú, agus ar na muinntearuiḃ naċ goirionn air hainm: óir a dúadar súas Iácob, agus do ṡluigiodar é, agus do ċaiṫeadar é, agus do rínneadar a áitreaḃ uáigneaċ.
Ar a naḋḃarsin is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Féuċ, smaiċteoċa misi íad: muirfiġear na daóine óga ris an ccloiḋeaṁ; éugfuid a mic agus a ninġiona ré gorta:
Cred a déara tú a nuáir ḃéarus sé pionús duit? (óir do ṁúin tú ḋóiḃ ḃeiṫ na ccaiptíniḃ, agus mar úaċtaránuiḃ ós do ċionn:) naċ géaḃa brón ṫú, aṁuil bean re nioḋnuiḃ?
¶ Is marso a deir an TIĠEARNA ris an muinntirsi, Marso do ġráḋuiġeadar dul ar seaċrán, níor ċongṁadar ar ais a ccosa, uimesin ní ġaḃann an TIĠEARNA ċuige íad; cuiṁneoċuiḋ sé anois a loċta, agus fiosroċuiḋ sé a bpeacuiḋe.
Marḃuiḋ ṫríd amaċ sean agus óg, ídir ċailíniġ, agus leanba óga, agus ṁnáiḃ: aċt ná tigiḋ a ḃfogus dáonduine ar a mbía an coṁarṫa; agus tosuiġiḋ ag mo ṡanctóirse. Annsin do ṫosuiġeadar ris na daóiniḃ seana noċ do ḃí as coinne an tiġe.
Agus do ċoiṁlíon sé a ḃríaṫra, noċ do laḃair se ar naġaiḋ, agus a naġaiḋ ar mbreiṫeaṁan ṫug breiṫeaṁnus oruinn, lé taḃairt uilc ṁóir oruinn: óir ní déarnaḋ faói neaṁ go hiomlán aṁuil do rinneaḋ air Ierusalem.
Agus aigeora mé láeṫe Ḃáalim uirre, ionar loisg sí túis dóiḃ, agus ann ar ḋeaġṁaisiġ si í féin le na clúasḟáinniḃ agus le na séuduiḃ, agus do ċuáiḋ sí a ndiáiġ a háosgráḋa, agus do ḋearmuid sí misi, a deir an TIĠEARNA.
Ofráluid síad feóil ar son íoḋḃarṫaċ mofrálaċsa, agus iṫid í; aċt ní ġlacann an TIĠEARNA íad; anois cuiṁneoċa sé a néigceart, agus fiosroċuiḋ sé a bpeacaḋ: fillfid síad don Négipt.
¶ Marso a deir an TIĠEARNA; Ar son ṫrí sáruiġṫe Iúdah, agus ar son a ceaṫair, ní ċoigeola mé é; do ḃríġ gur ḋísbeagadar dliġeaḋ an TIĠEARNA, agus nár ċoiṁéadadar a aiṫeanta, agus ṫug a mbréuga orra seaċrán do ḋéanaṁ, a ndiaiġ ar ṡiuḃluiġeadar a naiṫre:
Ar a naḋḃarsin is marso a deir an TIĠEARNA; Féuċ, a naġaiḋ na muinntirese tionscnuim olc, ó naċ áṫroċuiḋ siḃ ḃur muinéil; ní mó imṫeoċṫaói go ceannasaċ: oír is olc a naimsirsi.
Agus do rinne sé a nuile ċeinél dáoine déunḟuil aṁáin do ċum go naitéoċaidis ar ḋruím na talṁan uile, agus do ċinn sé aimsearḋa reuṁórduiġe, agus teóranna a náitreaḃaiḋsan;
Aṁáin do ḃí dúil ag an TTIĠEARNA ion ḃur naiṫriḃsi dá ngráḋuġaḋ, agus do ṫóg sé a slioċd na ndíaiġ, eaḋon siḃsi os cionn gaċ uile ṗobail, fá mar atá a niuġ.
¶ Oír fíafruiġe á noís ó na laéṫiḃ do ċuáiḋ ṫort, noċ do ḃí roṁad, ón ló fár ċruṫaiġ Día an duine ar an ttaluṁ, agus fíafruiġ ón ttáoḃ go ċéile do ḟlaiṫeaṁnus, an raiḃ leiṫéid an neiṫe ṁóirsí, nó ar ċlos a leiṫéid?
¶ Oír is pobal naoṁṫa don TIĠEARNA do Ḋía ṫusa: do ṫoġ an TIĠEARNA do Ḋía ṫú ċum ḃeiṫ na ṗobal áiriġ aige féin, ós cíonn gaċ uile ṗobail da ḃfuil ar aġuiḋ na talṁan.