Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Amos 1:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 ¶ Is marso a deir an TIĠEARNA; Ar son ṫrí sáruiġṫe Ḋamascus, agus ar son a ceaṫair, ní ċoigeola mé íad; do ḃríġ gur ḃuáileadar Gileád lé súistiġiḃ íaruinn:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Amos 1:3
26 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus tiucfuiḋ a ccriċ, giḋ bé raċus ó ċloiḋeaṁ Hasael go muirfiḋ Iehu é: agus giḋ bé raċus ó ċloiḋioṁ Iehu go muirfiḋ Elisa é.


¶ Agus do las fearg an TIĠEARNA a naġaiḋ Israel, agus do ṫoirḃir iad a láiṁ. Hasael ríġ na Síria, agus a láiṁ Ḃen hadad ṁic Hasael, ar feaḋ a láeṫeaḋ uile.


Agus níor ḟág sé don ṗobal ag Iehoahas aċd cáogad marcaċ, agus deiċ ccarbuid, agus deiċ míle coisiġe; óir do ṁarḃ ríġ na Síria íad, agus do rinne íad aṁuil luaiṫreaḋ re búalaḋ.


Agus dáontuiġ ríġ na Hassíria leis: óir do ċuáiḋ ríġ na Hassíria súas a naġaiḋ Ḋamascus, agus do ġaḃ sé í, agus rug na daóine do ḃí innte a láiṁ go Cir, agus do ṁarḃ sé Résin.


Agus a duḃairt Hasael, Cred fa nguilionn mo ṫiġearna? Agus do ḟreagair seision, Do ḃríġ go ḃfuil a ḟíos agum an tolc do ḋéanas tusa do ċloinn Israel: cuirfiḋ tú a ndaingneaċa láidre tre ṫeine, agus muirfiḋ tú a ndaoine óga leis an gcloiḋeaṁ, agus scriosfuiḋ tú a cclann, agus scoiltfiḋ tú a mná torrċa.


Na deiċ núairesi do ṁasluiġeaḃair mé: ní ḃfuil náire oruiḃ go ndeárnaḃair siḃ féin coiṁiḋṫeaċ ḋaṁ.


Sáorfa sé ṫú a sé buaiḋearṫaiḃ: fós, a seaċd ní ḃeanfa éanolc riot.


Fúaṫuiġiḋ an TIĠEARNA na sé neiṫesé: fós atá a seaċt na aḋḟúaṫ-ṁaireaċt aige:


Taḃair cuid ronna do ṁóirṡeisior, agus mar an cceadna dóċtar; óir níor ḟeadair tú cred an tolc ḃías air an ttalaṁ.


Oír ní buáiltear an fiatġal lé súiste, ní mó iompoiġṫear roiṫleáin cartaċa timċioll air an ccuimin; aċt buáiltear an fiatġail a maċ lé maide, agus an cuimín lé slait.


Féuċ, do ḋéana mé ḋíot núaḋionstrument ḃuáiltegeur agá mbéid fíacla: buáilfe tú na sléiḃte, agus buáilfe tú go mion íad, agus do ḋéana tú na cnoic aṁuil cáiṫ.


Oir suil ḃías ḟios ag an leanaṁ olc do ḋíultaḋ, agus maiṫ do ṫoġa, an fearann ḟúaṫuiġios siḃsi tréigfiġear ó na ḋá ríġ é.


Oír isé Damascus ceann na Síria, agus ceann Ḋamascus Resin; agus táoḃ a stiġ do ṫrí fiṫċid agus ċúig ḃliaḋna brisfiġear Eṗraim, ċor náċ bía pobal ann.


Oír suil ḃías éolus ag an leanaḃ gairm, Máṫair, agus mo ṁaṫair, béarṫar saiḋḃrios Ḋamascus agus éadáil Ṡamáriah ar siuḃal roiṁe ríġ na Hassíria.


¶ Marso a deir an TIĠNARNA; Ar son ṫrí sáruiġṫe Edom, agus ar son a ceaṫair, ní ċoigeola mé íad: do ḃríġ gur ainlean sé a ḋearḃraṫair leis an ccloiḋeaṁ, agus gur ṫeilg úaḋ gaċ uile ṫrúaiġe, agus gur réub a ḟearg go síorruiḋe, agus gur ċonnaiṁ a ḟearg go síorruiġe:


¶ Marso a deir an TIĠEARNA; Ar son ṫrí sáraiġṫe ċloinne Ammon, agus ar son a ceaṫair, ní ċoigeola mé íad: do ḃríġ gur scoiltiodar súas mná torrċa Ġíleád, ċor go ḃfairseongaidís a ttéora féin:


¶ Mar so a deir an TIĠEARNA; Ar son ṫrí sáruiġṫe Gása, agus ar son a ceaṫair, ní ċoigeola me íad: do ḃríġ go rugadarleó a láiṁ na braiġde go hiomlán, dá seaċadaḋ do Edom:


¶ Marso a deir an TIĠEARNA; Ar son ṫrí sáruiġṫe Tírus, agus ar son a ceaṫair, ní ċoigeola mé íad: do ḃríġ gur ṡeaċadar súas na braiġde uile do Edom, agus nar ċuiṁniġiodar an cunnraḋ dearḃráiṫreaṁuil.


Marso a deir an TIĠEARNA; Ar son ṫrí sáruiġṫe Ṁóab, agus ar son a ceaṫair, ní ċoigeola mé é; do ḃríġ gur loisc sé cnáṁa ríġ Edom a náol:


¶ Marso a deir an TIĠEARNA; Ar son ṫrí sáruiġṫe Iúdah, agus ar son a ceaṫair, ní ċoigeola mé é; do ḃríġ gur ḋísbeagadar dliġeaḋ an TIĠEARNA, agus nár ċoiṁéadadar a aiṫeanta, agus ṫug a mbréuga orra seaċrán do ḋéanaṁ, a ndiaiġ ar ṡiuḃluiġeadar a naiṫre:


¶ Marso a deir an TIĠEARNA; Ar son ṫrí sáruiġṫe Israel, agus ar son a ceaṫair, ní ċoigeola mé é; do ḃríġ gur reacadar an fíréun air airgiod, agus an ḃoċt ar ṗéire bróg;


Ualaċ ḃréiṫre an TIĠEARNA a ttír Hadraċ, agus buḋ é Damascus a ṡuaiṁneas sin: a nuáir ḃías súile an duine, mar ḃiáid súile uile ṫreaḃ Israel, leaṫ ris an TIĠEARNA,


Agus teórannfuiḋ Hamat mar an ccéadna láiṁ ris; Tírus, agus Sidon, máta go ḃfuil ro ċríonna.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ