2 Agus a dúḃairt sé, Núallfuiḋ an TIĠEARNA ó Ṡion, agus foillseoċaiḋ sé a ġúṫ ó Ierusalem; agus guilfid áitreaḃa na náoḋaireaḋ, agus críonfuiḋ mullaċ Ċarmel.
Atá an talaṁ ag caói agus ag seargaḋ: atá Lebanon náireaċ agus ar na ġearraḋ síos: atá Sáron cosṁail ré díoṫraṁ; agus croiṫiḋ Basan agus Carmel a ttóirṫe ḋíoḃ.
Bláṫoċuiḋ sé go líonṁar, gáirdeoċuiḋ sé fós lé lúaṫġáir agus le céol: do ḃéarṫar glóir Lebanon dó, oirḋearcus Ċarmel, agus Ṡáron, do ċífid síad glóir an TIĠEARNA, agus oirḋearcus ar Ndénne.
Gá fad ḃías an tír ag caói, agus luiḃ gaċ áonṁaġa ag críonaḋ, do ḃríġ uilc na druinge ċoṁnuiġeas ionnta? do caiṫeaḋ na beaṫuiġe, agus na héin; do ḃríġ go ndúḃradar, Ní ḟaicfiḋ sé ar ccríoċ ḋeiġionaċ.
Ar a naḋḃarsin tairrġir ṫusa na naġaiḋ na bríaṫraso uile, agus abair ríu, Núallfuidb an TIĠEARNA ó nárd, agus laiḃeóruiḋ sé ó na áitreaḃ náoṁṫa, béicfiḋ sé go cúruhaċdaċ ar a áit ċoṁnuiḋe; agus do ḃéara sé gáir, aṁuil an drong ḃrúiġios na tarpainne, a naġaíḋ uile áitreaḃṫaċ na talṁan.
Do ṫairrġiriodar na fáiġe do ḃí roṁamsa agus roṁadsa a nallód ar áon a naġaíḋ ṁóráin tíorṫa, agus a naġaíḋ rioġaċta móra, ar ċogaḋ, agus ar olc, agus ar ṗlaiġ.
Teigeoṁa mé ríu aṁuil beiṫir dá mbeantar a cuiléin, agus brisfe mé scairt a ccroiḋe, agus annsin sluigfiḋ mé íad aṁuil leoṁan: réubfuiḋ an beaṫaċ álta íad.
Agus laiḃeoruiḋ an TIĠEARNA a ġuṫ as coinne a ṡlúaġ: óir is ro ṁór a ḟoslongṗort: óir is láidir an té ċríoċnuiġios a ḟocal: óir is mór lá an TIĠEARNA, agus ro úaṫḃásaċ; agus cía ḟéadas a ḟulang?
Núallfuiḋ an TIĠEARNA fós amaċ as Sion, agus cuirfiḋ a ġúṫ amaċ as Ierusalem; agus biáiḋ neaṁ agus talaṁ ar crioṫ: aċd buḋ é an TIĠEARNA dóṫċus a ḋaóine, agus neárt ċloinne Israel.
Agus dá mbeiṫ go ḃfoileoċaidís íad féin a mullaċ Ċarmel, spíonfa misi agus do ḃéara mé as sín íad; agus da mbeiṫ go mbeidís a ḃfolaċ óm raḋarc a níoċtar na fairge, annsin áiṫeonuiḋ mé don naiṫir niṁe, agus beanfuiḋ sí greim asta:
¶ Agus do ḃí duine a Maon, ga raiḃ a ṁáoin a Gcarmel; agus do ḃí an duine ro ṁór, agus do ḃádar trí ṁíle cáora aige, agus míle gaḃar: agus do ḃí ag bearraḋ a ċáoraċ a Gcarmel.