Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 9:20 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

20 Agus d’ḟiafraiġ sé de’n aṫair: Cad é an ḟaid aimsire atá ó ṫárla so ḋó? Agus duḃairt seisean: Ó ḃí sé ’n-a leanḃ;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

20 Agus dʼḟiafruiġ sé dá aṫair: Cad é an fad aimsire atá sé ó ṫárla seo dó? Agus duḃairt seisean: Ó ḃí sé ina leanḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

20 Agus ṫugadar ċuige é: agus nuair do ċonnaic an spioraid é, ar an láṫair do réab sí é go millteaċ, agus do ṫuit sé ar an talaṁ, agus é ag ionfairt, agus cuḃar ar a ḃéal.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

20 Agus tugadar ċuige é: agus an tan do ċonnairc sé é, do ṫarraing an spiorad as a ċéile é ar ball; agus ar dtuitim ar an dtalaṁ ḋó, do ḃí sé ḋá únfairt ag cur ċuḃair as a ḃéul.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 9:20
14 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ansan do ċuir an annsprid truailliġṫe sgread as, agus ḃain sé stracaḋ as an nduine, agus d’imṫiġ sé amaċ as.


Agus d’ḟreagair seisean agus duḃairt: Ó, a ṡlioċt gan creideaṁ, cad é an ḟaid a ḃeiḋ mé eadraiḃ? Cad é an ḟaid a ḋ’ḟuilingeóċad liḃ? Tugaiḋ ċúġam-sa é.


Agus ṫugadar ċuige é. Agus ċóṁ luaṫ agus ċonaic sé é d’oibriġ an deaṁan ann, agus ṫuit sé ar an dtalaṁ ’ġá iomlosg féin agus cúḃar leis.


Agus is minic a ċaiṫ sé sa teine é, agus sa n-uisge, ċun é ṁarḃú; aċ má tá sé ar do ċumas i n-aon ċor, dein trócaire orainn agus fóir orainn.


Aċ do rug Íosa ar láiṁ air, agus do ṫóg sé suas é; agus d’eiriġ sé.


Agus do smaċtuiġ Íosa é agus duḃairt: Ná laḃair, agus imṫiġ amaċ as. Agus do ċaiṫ an deaṁan an duine ar lár an úrláir, agus d’imṫiġ sé amaċ as gan aon díoḃáil a ḋéanaṁ dó.


Óir ḃí sé ’ġá órdú do’n annsprid teaċt amaċ as an nduine. Óir do ḃeireaḋ sé air go minic; agus do ceangailtí é le slaḃraiḃ agus le geiṁliḃ, agus do ḃriseaḋ sé na slaḃraí agus ċomáineaḋ an deaṁan amaċ fé’n ḃfásaċ é.


Agus féaċ, beireann an deaṁan air, agus cuireann sé sgread as go h-obann, agus bíonn sé ’ġá leagaḋ agus ’ġá stracaḋ as a ċéile, agus cúḃar leis, agus is ar éigin a sgarann se leis aċ ’ġá stracaḋ.


Agus nuair a ḃí sé ag teaċt do leag an deaṁan é, agus ḃí sé ’ġá stracaḋ.


Is ó’n ndiaḃal, ḃúr n-aṫair, siḃ-se, agus isiad na neiṫe a ṫaiṫneann le nḃúr n-aṫair a ḋeineann siḃ. Dúnṁarḃṫóir ab eaḋ é sin ó ṫusaċ, agus níor ṡeasaiṁ sé sa ḃfirinne, óir ní’l fírinne ann; nuair a laḃrann sé an t-éiṫeaċ laḃrann sé an níḋ is leis féin, óir tugann sé an t-éiṫeaċ agus isé aṫair an éiṫiġ é.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ