Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 9:17 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

17 Agus pé ball ’n-a mbeireann sé é bíonn sé ’ġá ċaiṫeaṁ, agus cúḃar leis, agus a ḟiacala ag díoscán, agus é d’á ṡnaoí amaċ. Agus d’iarras ar do ḋeisgiobulaiḃ é ċur amaċ, agus níor ḟéadadar é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

17 Agus gaċ uair a mbeireann sé air, caiṫeann sé ar lár é, agus bíonn cuḃar le n-a ḃéal, agus ġní sé díoscarnaċ le n-a ḟiacla, agus seargann sé: agus duḃairt mé le do ḋeisciobail é a ṫeilgean amaċ, agus ní ṫáinic leo.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 Agus d’ḟreagair duine de’n tsluaġ, agus aduḃairt, A Ṁáiġistir, ṫugas‐sa ċugat mo ṁac ’n‐a ḃfuil spioraid ḃalḃ;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

17 Agus ar ḃfreagra do neaċ don tslúaġ a duḃairt sé, A Ṁaiġisdir, tug mé mo ṁac ċugad, an a ḃfuil spiorad balḃ;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 9:17
12 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ansan do tugaḋ ċuige duine go raiḃ deaṁan ann, agus ḃí sé dall agus balḃ; agus do leiġis sé é, i dtreó go raiḃ raḋarc agus urlaḃra aige.


Agus ṫugas ċun do ḋeisgiobul é, agus níor ḟéadadar é leiġeas.


Agus tar éis dul amaċ dóiḃ, do tugaḋ ċuige duine a ḃí balḃ, agus ḃí deaṁan ann.


Agus ḃíodar ag taḃairt na leanḃ ċuige ċun go gcuirfeaḋ sé a láṁ orṫa. Agus ḃí na deisgiobuil ag cosg na ndaoine a ḃí ’ġá dtaḃairt ċuige.


Agus d’iarr sé aċainíġe air, agus duḃairt: Tá m’inġean ag dul ċun báis; tar agus cuir do láṁ uirṫi ionas go leiġisfí í agus go mairfeaḋ sí.


Agus bean Ġréagaċ ab eaḋ í, Síroṗoenaċ do reir ċinéil, agus ḃí sí ag guiḋe ċuige go ndéanfaḋ sé an deaṁan do ḋíbirt as a h-inġin.


Agus d’ḟreagair duine de’n tsluaġ agus duḃairt sé: A Ṁáiġistir, ṫugas liom anso ag triall ort mo ṁac, mar tá deaṁan balḃ ann.


Agus d’ḟreagair seisean agus duḃairt: Ó, a ṡlioċt gan creideaṁ, cad é an ḟaid a ḃeiḋ mé eadraiḃ? Cad é an ḟaid a ḋ’ḟuilingeóċad liḃ? Tugaiḋ ċúġam-sa é.


Agus do sgread sé, agus d’oibriġ sé é go h-ana-ḋian, agus d’imṫiġ sé amaċ as; agus ḃí sé mar a ḃeaḋ sé marḃ, i dtreó go nduḃairt a lán: Tá sé marḃ.


Agus ḃí deaṁan aige d’á ḋíbirt as duine, agus deaṁan balḃ ab eaḋ é. Agus nuair a ḃí an deaṁan curṫa amaċ aige do laḃair an duine balḃ; agus ḃí iongna ar an sluaġ.


Agus féaċ, do laḃair duine de’n tsluaġ amaċ agus duḃairt sé: A Máiġistir, guiḋim ṫú, féaċ ar mo ṁac, mar ní’l agam aċ é;


Nuair airiġ sé sin Íosa ḃeiṫ tagaiṫe ó Iúdaéa isteaċ i nGaililí d’imṫiġ sé ag triall air, agus ḃí sé ’ġá iarraiḋ air dul síos agus a ṁac do leiġeas; óir ḃí sé i bpúnc an ḃais.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ