Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 8:38 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

38 Óir an t-é go mbeiḋ náire air mar ġeall orm-sa agus ar mo ḃréiṫre i láṫair an tsleaċta so atá aḋaltranaċ peacaṁail, beiḋ náire ar Ṁac an Duine uime sin nuair a ṫiocfaiḋ sé i nglóire a Aṫar i ḃfoċair na n-aingeal naoṁṫa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

38 Óir an té a mbéiḋ náire air fúm-sa agus faoi mo ḃriaṫar san ġlúin aḋaltrannaiġ ṗeacaṁail seo, béiḋ náire ar Ṁac an Duine faoi-sean fosta, nuair a ṫiocfas sé le n-a aingle naoṁṫa i nglóir a Aṫar.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

38 Óir cibé duine lé’r nár mise agus mo ḃriaṫra i láṫair an ċinéil aḋaltrannaiġ ṗeacaṁla so, buḋ nár le Mac an Duine eisean mar ar gcéadna nuair ṫiocfas sé i nglóir a Aṫar, i n‐éinḟeaċt leis na naoṁ‐aingliḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

38 Oir giḋ bé neaċ lér náir misi, agus mo ḃríaṫra ann sa ċineaḋ aḋaltrannaċ agus ṗeacṫaḋ so; buḋ náir lé Mac an duine eisean mar an gceadna, an tan ṫiocfas sé a nglóir Aṫar féin maille ré na aingliḃ náoṁṫa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 8:38
44 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus d’ḟreagair sé iad: Tá droċ-ṡlioċt aḋaltranaċ ag lorg cóṁarṫa; agus ní taḃarfar de ċóṁarṫa ḋóiḃ aċ cóṁarṫa Iónais an fáiḋ.


Cuirfiḋ Mac an Duine a aingil amaċ agus baileóċaid siad as a ríġeaċt gaċ sgannal agus luċt déanta an uilc.


Óir tá Mac an Duine ċun teaċt i nglóire a Aṫar mar aon le n-a aingealaiḃ; agus ansan taḃarfaiḋ sé do gaċ duine do réir a ġníoṁarṫa.


Go deiṁin adeirim liḃ, tá cuid d’á ḃfuil ’n-a seasaṁ anso agus ní ḃlaisfid siad bás go ḃfeicfid siad Mac an Duine ag teaċt ’n-a ríġeaċt.


Tá ḟios agaiḃ conus gnúis na spéire do ḃreiṫniú; agus náċ féidir liḃ cóṁarṫaí na h-aimsire ḋ’aiṫint? Tá slioċt an uilc agus an aḋaltranais ag lorg cóṁarṫa; aċ ní taḃarfar de ċóṁarṫa ḋóiḃ aċ cóṁarṫa Iónais Fáiḋ. Agus d’ḟág sé ansan iad agus d’imṫiġ sé.


Agus ansan ċífar cóṁarṫa Ṁic an Duine sa spéir; agus ansan caoifid treaḃa an doṁain go léir, agus ċífid siad Mac an Duine ag teaċt i sgamallaiḃ neiṁe le mór-ċóṁaċt agus le gradam.


Aċ nuair a ṫiocfaiḋ Mac an Duine ’n-a ġradam, agus a aingil go léir i n-aonḟeaċt leis, suiḋfiḋ sé gncaṫaoir a ġradaim;


Aċ ní lúġa adeirim-se liḃ-se, Ċífiḋ siḃ ’n-a ḋiaiḋ so Mac an Duine ’n-a ṡuiḋe ar deasláiṁ nirt Dé, agus ag teaċt i néallaiḃ neiṁe.


Agus deir Íosa leis: Táid pluaiseana ag na sionaċaiḃ agus neadaċa ag éanlaiṫiḃ an aéir, agus ní’l ag Mac an Duine áit ar a leigfeaḋ sé a ċeann.


Agus ansan ċífid siad Mac an Duine ag teaċt ins na sgamalaiḃ, le mórán cóṁaċt’ agus glóire.


Agus ansan duḃairt Íosa leis: Is mé; agus ċífiḋ siḃ Mac an Duine ’n-a ṡuiḋe ar deasláiṁ cóṁaċta Dé agus ag teaċt i sgamallaiḃ neiṁe.


Nó cad í an ṁalairt a ḋéanfaiḋ duine ar a anam?


Deirim-se liḃ-se, áṁṫaċ, an t-é go ḃfuil aige taḃarfar dó, agus beiḋ flúirse aige; agus an t-é na fuil aige, tógfar uaiḋ an rud atá aige.


Óir an t-é do ġlacfaiḋ náire mar ġeall orm-sa agus ar mo ḃréiṫre, glacfaiḋ Mac an Duine náire mar ġeall ar an nduine sin, nuair a ṫiocfaiḋ sé ’n-a ġradam agus i ngradam a Aṫar agus na n-aingeal naoṁṫa,


Agus do ḋein feóil de’n Ḃriaṫar, agus do ċóṁnuiġ i n-ár measg, agus ċonacamair a ġlóire mar ġlóire Aon Ṁic an Aṫar, lán de ġrásta agus d’ḟírinne.


Agus duḃairt sé leis: Go deiṁin deiṁin adeirim liḃ, ċífiḋ siḃ na flaiṫis ar osgailt, agus aingil Dé ag dul suas agus ag teaċt anuas ar Ṁac an Duine.


D’ḟreagair na daoine é: D’airiġeamair-ne as an ndlíġ Críost a ḃeiṫ ann do ṡíor: agus conus a deirir-se naċ foláir Mac an Duine d’árdú? Cé h-é an Mac san an Duine?


Agus ṫug sé cóṁaċt dó ċun breiṫe do ḋéanaṁ, mar isé Mac an Duine é.


Agus duḃradar-san: Cornélius, an taoiseaċ céad, fear atá fíoraonta úṁal do Ḋia agus go ḃfuil meas mór ag na Iúdaíġ go léir air, fuair sé freagra ó aingeal naoṁṫa ’ġá ráḋ leis fios a ċur ortsa ċun a ṫíġe agus éisteaċt le cainnt uait.


Aċ d’imṫiġdar san a’ raḋarc na cóṁairle agus áṫas orṫa toisg gur tuigeaḋ gur ḃ’ ḟiú iad tarcuisne ṫaḃairt dóiḃ le fulang mar ġeall ar ainim Íosa.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ