Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 8:34 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

34 Agus ġlaoiḋ sé ċuige na daoine agus a ḋeisgiobuil i n-aonḟeaċt, agus duḃairt sé leó: Má’s mian le h-aoinne mise do leanṁaint, séanaḋ sé é féin, agus glacaḋ sé ċuige a ċros, agus leanaḋ sé mé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

34 Agus ar ċruinniuġaḋ an tsluaiġ mar aon le n-a ḋeisciobail le ċéile dó, duḃairt sé leo: Máʼs toil le h-aoinneaċ mise a leanaṁaint, diúltaḋ sé é féin, agus tógaḋ sé a ċros, agus leanaḋ sé mé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

34 Agus do ġlaoḋ sé ċuige an sluaġ agus a ḋeisceabail, agus aduḃairt sé leo, Má’s áil le h‐aoinneaċ mise do leanaṁain, diúltaḋ sé ḋó féin, agus tógaḋ sé a ċros, agus leanaḋ sé mé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

34 Agus ar ngairm an tslúaiġ agus a ḋeisciobail ċuige ḋó, a duḃairt sé ríu, Giḋ bé lé nab aill misi do leanṁuin, díultaḋ sé ḋó féin, agus tógḃaḋ sé a ċros, agus leanaḋ sé misi.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 8:34
43 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus an t-é ná glacfaiḋ a ċros agus mise do leanṁaint, ní’l sé maiṫ a ḋóiṫin dom.


Ansan duḃairt Íosa le n-a ḋeisgiobuil: Ma’s áil le h-aoinne teaċt am’ ḋiaiḋ-se, séanaḋ sé é féin, agus tógaḋ sé a ċros, agus leanaḋ sé mé.


Agus nuair a ċuadar amaċ fuaradar duine ó Ċíréné, dár ḃ’ainim Símón; agus ċuireadar ḟéaċaint ar an nduine sin dul leó agus a ċros d’iompur.


Ansan d’ḟéaċ Íosa air, agus ṫug sé gráḋ ḋó, agus duḃairt sé leis: Tá aon níḋ aṁain i n-easnaṁ ort: imṫiġ agus díol a ḃfuil agat agus taḃair dos na boċtaiḃ é, agus beiḋ saiḋḃreas ar neaṁ agat; agus tar agus lean mise.


Agus do ġlaoiḋ sé na daoine ċuige airís, agus duḃairt sé leó.


Deiniḋ díċeall ar ḋul isteaċ an dorus cuṁang; óir deirim liḃ go mbeiḋ a lán a d’iarraiḋ dul isteaċ, agus ní ḟéadfaid siad é.


Ar an gcuma gcéadna, gaċ duine agaiḃ-se ná tugann druim láṁa le n-a ḃfuil aige, ní féidir dó ḃeiṫ ’n-a ḋeisgiobul agam-sa.


Nuair airiġ Íosa an níḋ sin duḃairt sé: Tá aon rud aṁáin i n-easnaṁ ort fós: Díol amaċ gaċ a ḃfuil agat agus taḃair do sna boċtaiḃ é, agus beiḋ stór agat ar neaṁ; agus tar agus lean mise.


Ansan duḃairt sé le n-a ḋeisgiobulaiḃ agus na daoine go léir ag éisteaċt leis:


Agus duḃairt sé leó uile: Má’s áil le h-aoinne teaċt am’ ḋiaiḋ séanaḋ sé é féin, agus tógaḋ sé a ċros gaċ lá, agus leanaḋ sé mé.


Éistid mo ċaoíre-se le m’ ġlór, agus aiṫniġim-se iad, agus leanaid siad mé.


Agus ag iompar a ċroise ċuaiḋ sé amaċ ċun na h-áite ar a dtugtar Áit an ċloiginn, agus Golgota sa teangain Eaḃra,


agus do ċuireadar sagairt fé ġráḋaiḃ dóiḃ ins gaċ eaglais, agus ḋeineadar úrnuiġṫe agus trosgaḋ, agus ansan ṫugadar suas do’n Tiġearna iad, óir do ċreideadar ann.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ