Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 8:32 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

32 Agus do laḃair sé an ċaint go soiléir. Agus do rug Peadar air agus do ċrom sé ar ċur ’n-a ċoinniḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

32 Agus laḃair sé an ċainnt go soiléir. Agus rug Peadar air agus ṫoisiġ sé ar iomardaḋ leis.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

32 Agus aduḃairt sé leo é go foscailte. Agus ṫug Peadar i leiṫ é, agus do ṫosnuiġ sé ar aċṁusán do ṫaḃairṫ dó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

32 Agus do laḃair sé an glórsa ós áird. Agus ar mbreiṫ do Ṗeadar air, do ṫionnsgain sé aċṁusán do ṫaḃairt dó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 8:32
9 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ṫóg Peadar é, agus ċrom sé ar aiġneas leis, agus duḃairt sé: Aḃfad uait-se sin, a Ṫiġearna. Ní ṫiocfaiḋ san ort-sa.


Agus ḃí sé féin i ndeire na luinge, agus é ’n-a ċodlaḋ ar aḋart; agus dúisiġid é, agus deirid: A Máiġistir, an cás leat é go ḃfuilimíd d’ár mbáṫaḋ?


Agus bí Marta ana-ḃruideaṁail ag déanaṁ mórán gnóṫa, agus do ṡeasaiṁ sí agus duḃairt: A Ṫiġearna, an aṁlaiḋ náċ cás leat conus mar atá an gnó go léir fágṫa orm-sa agam’ ḋrifiúr? Abair léi anois congnaṁ a ṫaḃairt dom.


Agus ṫáinig na Iúdaiġ ’n-a ṫímpal, agus ḃíodar ’ġá ráḋ leis: An fada a leanfair ag baint an anama asainn? Má’s tú Críost, innis dúinn é go soiléir.


D’á ḃríġ sin duḃairt Íosa leó go soiléir: Tá Lasarus tar éis ḃáis;


Do laḃras na neiṫe seo liḃ i ḃfuirm soluídí. Tá an t-am ag teaċt nuair ná laḃarfad liḃ feasda i soluídiḃ, aċ neósfad daoiḃ go soiléir i dtaoḃ an Aṫar.


Duḃairt a ḋeisgiobuil leis: Féaċ, anois taoí ag laḃairt go soiléir, agus ní h-aon tsoluíd atá agat d’á laḃairt.


D’ḟreagair Íosa é: Do laḃras go h-osgailte leis an ndoṁan; ḋeineas teagasg i gcóṁnuiġe sa tsinagóig, agus sa teampul, mar a gcruinníġid na Iúdaiġ go léir; agus níor laḃras aon níḋ fé ċeilt.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ