Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 8:29 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

29 Ansan duḃairt sé leó: Aċ dar liḃ-se cé h-é me? Agus d’ḟreagair Peadar agus duḃairt: Is tusa Críost.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

29 Annsin deir sé leo: Aċt cé adeir siḃ-se is mé? Deir Peadar leis, ġá ḟreagairt: Is tú an Críost.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

29 Agus d’ḟiafruiġ sé ḋíoḃ, Aċt cia h‐é adeir siḃ‐se gur mé? D’ḟreagair Peadar agus aduḃairt sé leis, Is tusa an Críost.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

29 Agus a duḃairt seisean ríu, Aċd créd a deirṫísi cía mé? Ar ḃfreagra do Ṗeadar, a duḃairt sé ris, As tú Críosd.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 8:29
13 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus duḃairt sé leó: Do tugaḋ daoiḃ-se eólus d’ḟáġail ar rúndiaṁ raiḃ ríġeaċta Dé, aċ do’n ṁuíntir sin atá lasmuiġ, deintear gaċ níḋ i soluídíḃ;


Agus duḃairt sé leó: Aċ siḃ-se, cé adeir siḃ is mé? Agus d’ḟreagair Símón Peadar agus duḃairt: Críost Dé.


Duḃairt sí leis: Creidim, a Ṫiġearna; creidim-se gur tusa Críost Mac Dé ḃeó, agus gur ṫáinís ar an saoġal so.


Agus deiridís leis an mnaoi: Ní mar ġeall an do ċaint-se a ċreidimid anois; mar tá éistiṫe againn féin leis agus tá ḟios againn gur b’é seo go fíor Slánuiġṫeóir an doṁain.


Duḃairt Íosa d’á ḃríġ sin leis an dáréag: An maiṫ liḃ-se, leis, imṫeaċt?


Agus d’ḟreagair Símón Peadar é: A Ṫiġearna, cé ċuige go raġaimíd? Is agat-sa atáid bréiṫre na beaṫa síoruiḋe.


Agus, ag cur na slíġe ḋíoḃ dóiḃ ṫánadar mar a raiḃ uisge, agus duḃairt an coillteánaċ: Féaċ an t-uisge, cad ’tá am ċosg air go mbaistfí mé?


Agus láiṫreaċ, ins na sinagógaiḃ, ḃí sé ag seanmóin i dtaoḃ Íosa, gur b’ é Mac Dé é.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ