Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 8:12 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Agus ḋein sé osna ’n-a spioraid, agus duḃairt sé: Cad ab áil leis an slioċt san ag lorg cóṁarṫa? Go deiṁin a deirim liḃ, ní taḃarfar cóṁarṫa do’n tslioċt san.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

12 Agus ag osnaiġil san Spiorad dó, deir sé: Cad ċuige a n-iarrann an ġlúin seo cóṁarṫa? Amén adeirim liḃ, naċ dtaḃarfar cóṁarṫa doʼn ġlúin seo.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Agus do leig sé osna ó íoċtar a anma, agus aduḃairt sé, Cad ċuige do’n ċinéal so ḃeiṫ ag iarraiḋ cóṁarṫa? Go fírinneaċ adeirim liḃ, Ní taḃarfar aon ċóṁarṫa do’n ċinéal so.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

12 Agus ar ndéunaṁ osna ḋósan an a spioraid, a duḃairt sé, Créd fá níarrann an cineaḋ so coṁarṫa? a deirim ríḃ go fírinneaċ, Naċ dtioḃarṫar coṁarṫa don ċineaḋ so.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 8:12
15 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ansan d’ḟreagair cuid des na Sgríḃneóiríḃ agus des na Fairisíniġ agus duḃradar: A Ṁáiġistir, is mian linn cóṁarṫa ḋ’ḟeisgint uait.


Tá ḟios agaiḃ conus gnúis na spéire do ḃreiṫniú; agus náċ féidir liḃ cóṁarṫaí na h-aimsire ḋ’aiṫint? Tá slioċt an uilc agus an aḋaltranais ag lorg cóṁarṫa; aċ ní taḃarfar de ċóṁarṫa ḋóiḃ aċ cóṁarṫa Iónais Fáiḋ. Agus d’ḟág sé ansan iad agus d’imṫiġ sé.


Agus d’ḟéaċ sé ’n-a ṫímpal orṫa go feargaċ, agus ḃí brón air mar ġeall ar an gcroiḋe ḃeiṫ ċóṁ dall acu, agus duḃairt sé leis an ḃfear: Sin do láṁ. Do ṡín; agus ḃí an láṁ leiġiste.


Agus ḋein sé iongna de’n easba creidiṁ a ḃí ionta, agus do ṡiúḃluiġ sé na bailte mór-ṫímpal, ag teagasg.


Agus d’ḟéaċ sé suas ċun na ḃflaṫas agus ḋein sé osna, agus duḃairt Eṗṗeta, ’sé sin, Osgail.


Agus ċuir sé uaiḋ iad, agus ċuaiḋ sé ar bórd na luinge airís agus d’imṫiġ sé ṫar uisge.


Agus ṫugadar ċuige é. Agus ċóṁ luaṫ agus ċonaic sé é d’oibriġ an deaṁan ann, agus ṫuit sé ar an dtalaṁ ’ġá iomlosg féin agus cúḃar leis.


Agus nuair a ṫáinig sé i gcóṁgar agus ċonaic sé an ċaṫair do ġoil sé ar a son, agus duḃairt sé:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ