Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 7:34 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

34 Agus d’ḟéaċ sé suas ċun na ḃflaṫas agus ḋein sé osna, agus duḃairt Eṗṗeta, ’sé sin, Osgail.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

34 Agus ag aṁarc suas ar neaṁ dó, leig sé osna, agus deir leis: Eṗṗeta, is é sin, bí foscailte.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

34 agus ag féaċain suas ar neaṁ ḋó, do leig sé osna as, agus aduḃairt sé leis, Effatá, is é sin, Foscailtear ṫú.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

34 Agus ar ḃféaċain súas ar neaṁ, do léig sé osnaḋ, agus a duḃairt sé ris, Eṗṗaṫa, éaḋon, Bí osgailte.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 7:34
21 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus ṫáinig truaġ ag Íosa ḋó, agus do ṡín sé a láṁ agus ċuir sé air í, agus duḃairt sé: Is toil liom é; glantar ṫu.


Agus sa naoṁaḋ tráṫ do ġlaoiḋ Íosa do ġuṫ árd: Elóí, Elóí, lamá sabactání? níḋ a míníġṫear mar seo: A Ḋia, a Ḋia, cad uime gur ṫréigis mé?


Agus do rug sé ar láiṁ ar an gcailín agus duḃairt sé léi: Talita cúmí, ’sé sin, ar ṁíniú, Eiriġ, (adeirim leat) a ċailín.


Agus ṫóg sé na ċúig ḃulóga agus au dá iasg, agus d’ḟéaċ sé suas ċun na ḃflaṫas, agus ḃeannuiġ sé iad agus ḃris, agus ṫug d’á ḋeisgiobulaiḃ le cur os cóṁair na ndaoine; agus do rainn sé an dá iasg orṫa go léir.


Agus, láiṫreaċ, do h-osgalaḋ a ċluasa ḋó, agus do bogaḋ an ceangal d’á ṫeangain, agus do laḃair sé cruinn,


Agus ḋein sé osna ’n-a spioraid, agus duḃairt sé: Cad ab áil leis an slioċt san ag lorg cóṁarṫa? Go deiṁin a deirim liḃ, ní taḃarfar cóṁarṫa do’n tslioċt san.


Agus duḃairt Íosa leis: Féaċ suas; do ṡlánuiġ do ċreideaṁ ṫu.


Agus nuair a ṫáinig sé i gcóṁgar agus ċonaic sé an ċaṫair do ġoil sé ar a son, agus duḃairt sé:


Agus ṫáinig sé agus ċuir sé a láṁ ar an gcóṁrainn. (Agus do stad an ṁuintir a ḃí ag iompar na cóṁran.) Agus duḃairt sé: A óigḟir, deirim leat, eiriġ.


Agus nuair a ċonaic Íosa ag gol í, agus na Iúdaiġ a ṫáinig i n-aonḟeaċt léi ag gol, do leig sé osna ṫeaċt ó n-a spioraid agus buaireaṁ a ṫeaċt air,


Agus ḋein Íosa osna airís, agus ṫáinig sé ċun an tuama; agus pluais ċaraige ab eaḋ an tuama, agus cloċ anuas uirṫi.


Ansan do tógaḋ an ċloċ. Agus d’ḟéaċ Íosa suas agus duḃairt sé: A Aṫair, ḃeirim a ḃuiḋeaċas leat gur éistis liom.


Tar éis na cainte sin do ráḋ ḋó do ġlaoiḋ sé do ġuṫ árd: A Lasaruis, tar amaċ.


Do laḃair Íosa an ċaint sin, agus ansan do ṫóg sé a ṡúile suas ċun na ḃflaṫas, agus duḃairt sé: A Aṫair, tá an uair tagaiṫe; taḃair glóire do d’Ṁac ionus go dtaḃarfaḋ do Ṁac glóire ḋuit:


Agus duḃairt Peadar leir: A Énéis, tá an Tiġearna Íosa Críost ag taḃairt sláinte ḋuit. Éiriġ agus córuiġ do leabaiḋ! Agus d’éiriġ sé láiṫreaċ.


Annsan do ċuir Peadar na daoine go léir amaċ as an seómra agus do leig sé é féin ar a ġlúiniḃ agus ḋein sé úrnuiġṫe, agus d’iompuiġ sé ċun an ċuirp agus duḃairt sé: A Ṫaibíta, éiriġ! Agus d’osgail sisi a súile agus ċonnaic sí Peadar agus d’éiriġ sí aniar.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ