Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 6:55 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

55 Agus ċrom daoine ar ruiṫ tríd an dtír sin go léir agus ar ḋaoine breóite ḃreiṫ leó mór-ṫímpal, an ṫoċtaiḃ, ċun na h-áite i n-a n-airiġdís é ḃeiṫ;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

55 Agus ag riṫ fríd an ċeanntar sin uilig dóiḃ, ṫoisiġ siad ar iomċar na ndaoine breoiḋte ṫart ar sráideogaí, áit a gcluineaḋ siad é ḃeiṫ ann.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

55 agus do riṫ na daoine tríd an tír sin ar fad, agus do ṫosnuiġeadar ar na daoiniḃ breoite d’iomċur ar a leapṫaċaiḃ, go dtí gaċ áit ’n‐a gcloisidís é do ḃeiṫ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

55 Agus do riṫeadar luċd na tíre sin uile fá gcúairt, agus do ṫionnsgnadar na dáoine tinne diomċar ar leapṫaċuiḃ, dá gaċ áit na gcluindís eision do ḃeiṫ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 6:55
6 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do leaṫ a ċlú ar fuid Siria go léir, agus do tugaḋ ag triall air na daoine go léir a ḃí as a sláinte, gaḃṫa le galaraiḃ agus le piantaiḃ, agus daoine go raiḃ deaṁain ionta, agus daoine a ḃí as a meaḃair, agus daoine a ḃí gan lúṫ, agus do leiġis sé iad.


Agus nuair a ṫánadar as an luing d’aiṫniġeadar láiṫreaċ é,


Agus pé ball ’n-a dtéiġeaḋ sé isteaċ, i sráidiḃ nó i mbailtiḃ nó i gcaṫraċaiḃ, ċuiridís na daoine breóite ar na sráidiḃ, agus ḃídís ’ġá iarraiḋ air leigint dóiḃ fiú baint le faḃra a ḃrait; agus an méid a ḃaineaḋ leis do leiġistí iad.


I dtreó gur amaċ ar na sráidiḃ, ar ṫoċtaiḃ agus as ṡúsaíḃ, a curtí na daoine breóite, ionus, nuair a ḃead Peadar ag teaċt, dá mba ná déanfad aċ a sgáil tuitim an ḋuine acu go léiġisfí ó n-a mbreóiteaċt iad.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ