Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 6:41 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

41 Agus ṫóg sé na ċúig ḃulóga agus au dá iasg, agus d’ḟéaċ sé suas ċun na ḃflaṫas, agus ḃeannuiġ sé iad agus ḃris, agus ṫug d’á ḋeisgiobulaiḃ le cur os cóṁair na ndaoine; agus do rainn sé an dá iasg orṫa go léir.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

41 Agus ag glacaḋ na gcúig n-arán agus an dá iasc dó, dʼaṁarc sé suas ar neaṁ, ḃeannuiġ agus ḃris sé na h-aráin, agus ṫug dá ḋeisciobail iad le cur ós a gcóṁair, agus rann sé an dá iasc orṫa uilig.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

41 Agus do ṫóg sé na cúig bollóga agus an dá iasc, agus ag féaċain suas ar neaṁ dó, do ḃeannuiġ agus do ḃris sé na bollóga; agus ṫug sé do na deisceablaiḃ iad le cur os cóṁair a raiḃ ann; agus do roinn sé an dá iasc orṫa go léir.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

41 Agus ar ngaḃáil na gcúig narán ċuige agus an dá íasg, ar ḃféaċain súas ar neaṁ ḋó, do ḃeannuiġ sé, agus do ḃris sé na haráín, agus tug sé dá ḋeisciobluiḃ íad do ċum go gcuirfidís na ḃfiaḋnuisision íad; agus do roinn sé an dá íasg orrṫa uile.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 6:41
22 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus duḃairt sé leis na daoine suiḋe ar an ḃféar; agus ṫóg sé na ċúig ḃulóga agus an dá iasg, agus d’ḟéaċ sé suas ċun neiṁe agus ḃeannuiġ sé iad, agus ḃris sé iad, agus ṫug sé dos na deisgiobuil iad, agus ṫugadar-san dos na sluaiġtiḃ iad;


Agus ṫóg sé na seaċt mbulóga agus na h-iasga, agus ġaiḃ sé buiḋeaċas, agus do ḃris sé iad, agus ṫug sé dos na deisgiobuil iad, agus ṫugadar-san do’n tsluaġ iad.


An ḟaid a ḃíodar ag iṫe, do ṫóg Íosa arán, agus ḃeannuiġ é, agus ḃris é, agus ṫug d’a ḋeisgiobulaiḃ é; agus duḃairt: Glacaiḋ agus iṫiḋ: Is é mo ċorp é seo.


Agus an ḟaid a ḃíodar ag iṫe do ṫóg Íosa arán agus ḃeannuiġ sé é, agus ḃris sé é, agus ṫug sé ḋóiḃ é, agus duḃairt sé: Glacaiḋ, iṫiḋ; is é mo ċorp é seo.


Agus do ṡuiḋeadar ’n-a mbuiḋniḃ, ’n-a gcéadaiḃ agus ’n-a gcaogadaiḃ.


Agus d’iṫeadar go léir, agus ḃí a ndóiṫin acu.


Agus d’ḟéaċ sé suas ċun na ḃflaṫas agus ḋein sé osna, agus duḃairt Eṗṗeta, ’sé sin, Osgail.


Nuair a ḃriseas na ċúig ḃulóga do’n ċúig ṁíle duine, an ’mó ciseán a ṫógaḃair de’n ḃia briste? Duḃradar-san: Ḋá ċiseán déag.


Agus do ṫárla, an ḟaid a ḃí sé ag caiṫeaṁ bíḋ ’n-a ḃfoċair, gur ṫóg sé arán, agus gur ḃeannuiġ sé é agus gur ḃris sé é, agus gur ṫug sé ḋóiḃ é.


Ansan do ṫóg sé na ċúig bulóga agus an dá iasg, agus d’ḟéaċ sé suas ċun neiṁe agus ḃeannuiġ sé iad, agus do ḃris, agus ṫug d’a ḋeisgiobuil le cur os cóṁair na ndaoine.


Ansan do tógaḋ an ċloċ. Agus d’ḟéaċ Íosa suas agus duḃairt sé: A Aṫair, ḃeirim a ḃuiḋeaċas leat gur éistis liom.


Do laḃair Íosa an ċaint sin, agus ansan do ṫóg sé a ṡúile suas ċun na ḃflaṫas, agus duḃairt sé: A Aṫair, tá an uair tagaiṫe; taḃair glóire do d’Ṁac ionus go dtaḃarfaḋ do Ṁac glóire ḋuit:


Ansan do ṫóg Íosa an t-arán agus ġaiḃ sé buiḋeaċas agus do rainn sé é ar na daoine agus iad ’n-a suiḋe, agus na h-éisg ar an gcuma gcéadna, go raḃadar go léir sásta.


Ṫáinig, áṁṫaċ, loingeas eile ó Ṫiberias i n-aice na h-áite ’n-ar h-iṫeaḋ an t-arán, nuair a ġaiḃ an Tiġearna buiḋeaċas;


Nuair a ḃi an méid sin ráiḋte aige do ṫóg se arán agus ġaiḃ se ḃuiḋċas le Dia os a gcóṁair go léir, agus ḃris sé an t-arán agus ċrom sé ar iṫe.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ