Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 6:38 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

38 Agus duḃairt sé leó: An ’mó bulóg aráin agaiḃ? Imṫiġiḋ agus féaċaiḋ. Agus nuair a ḃí ’ḟios acu duḃradar: Ċúig ḃulóga, agus ḋá iasg.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

38 Agus deir sé leo: Cá ṁéad arán agaiḃ? Imṫiġigiḋ agus feicigiḋ. Agus nuair a ḃí a fios acu, deir siad: Cúig cinn, agus ḋá iasc.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

38 Agus aduḃairt sé leo, Cá ṁéid bollóg atá agaiḃ? imṫiġiḋ agus féaċaiḋ. Agus nuair do ḃí a ḟios aca, aduḃradar, Cúig bollóga, agus ḋá iasc.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

38 Agus a duḃairt seisean ríu, Gá ṁéud atá agaiḃ? imṫiġiḋ, agus féaċuiḋ. Agus ar ḃfaġáil a ḟeasa sin dóiḃsion, a duḃradar, Cuig aráin agus dá íasg.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 6:38
7 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus duḃairt Íosa leó: An ’mó bulóg agaiḃ? Agus duḃradar-san, Seaċt mbulóga, agus raint d’ iasgaiḃ beaga.


Agus duḃairt fé leó ’ġá ḃfreagraḋ: Tugaiḋ-se rud le n-iṫe ḋóiḃ. Agus duḃradar leis: An aṁlaiḋ a ḋ’imṫeoċaimíd agus ċeannóċaimíd ar ḋá ċéad pingin arán le taḃairt dóiḃ le n-iṫe?


Agus d’órduiġ sé ḋóiḃ na daoine go léir do ċur ’n-a suiḋe ’n-a gcuideaċtanaiḃ ar an ḃféar glas.


Agus d’ḟiafraiġ sé ḋíoḃ: An ’mó bulóg aráin agaiḃ? Agus duḃradar-san: Seaċt mbulóga.


Agus duḃairt sé leó: Tugaiḋ-se rud le n-iṫe ḋóiḃ. Agus duḃradar-san: Ní’l againn aċ ċúig bulóga agus ḋá iasg, murab aṁlaiḋ a raiġmís agus bia ċeannaċ do’n tsluaġ ṁór so go léir.


Tá buaċaill anso agus tá ċúig bulóga eórnan aige agus ḋá iasg; aċ cad é an ḟaid le dul an méid sin ar oiread daoine?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ