Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 5:35 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

35 Le línn na ḃfocal san a ráḋ ḋó, ṫáiníg cuid de ṁuintir uaċtaráin na sinagóige, agus duḃradar: Tá t’inġean tar éis ḃáis. Cad ab áil leat ag cur a ṫuille trioblóide ar an Máiġistir?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

35 Le linn é ḃeiṫ go fóill ag cainnt, tig cuid de ṁuinntir uaċtarán na sineagóige, ag ráḋ: Tá do inġean marḃ; cad ċuige a ḃfuil tú ag boḋraḋ an Ṁáiġistir níos fuide?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

35 Ag laḃairt dó, ṫáinig daoine ó ṫiġ uaċtaráin na sionagóige, agus aduḃaradar, Atá t’inġean tar éis báis: cad ċuige ḋuit an Máiġistir do ḃuaiḋreaḋ feasta?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

35 Agus ar mbeiṫ ḋósan ag laḃairt, tigid dáoine ó ṫiġ úaċdaráin na sinagóige, ag ráḋ, Fúair hinġean bás: créd fá gcuireann tú búaiḋreaḋ ar an Maiġisdir feasda?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 5:35
13 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Do ṫuig Íosa, áṁṫaċ, agus duḃairt leó: Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag iomaiġ leis an mnaoi seo? Is gníoṁ maiṫ atá déanta aici orm-sa.


Agus duḃairt Íosa: Téiġiḋ as ċaṫair ċun duine áiriṫe, agus abraiḋ leis: Deir an Máiġistir: Tá m’aimsir i ngoireaċt dom; déanfad féin agus mo ḋeisgiobuil an Ċáisg agat-sa.


An ḟaid a ḃí sé ag ráḋ na cainte sin leó, féaċ ṫáinig priúnsa áiriġṫe ċuige, agus do ṡléaċt sé ḋó, agus duḃairt sé: A Ṫiġearna, do fuair m’inġean bás anois; aċ tar agus cuir do láṁ uirṫi, agus beiḋ sí beó.


Agus ċuaiḋ sé amaċ ar an mbóṫar, agus do riṫ duine ċuige agus ċaiṫ sé é féin ar a ġlúiniḃ ’n-a láṫair, agus d’ḟiafraiġ sé ḋe: A Ṁáiġistir ṁaiṫ, cad a ḋéanfad ionus go mbeaḋ an ḃeaṫa ṡíoruiḋe agam?


Agus ṫáinig duine d’uaċtaránaiḃ na sinagóige, dár ḃ’ ainim Iaírus, agus nuair a ċonaic sé é do ċaiṫ sé é féin ag á ċosaiḃ,


Agus é ag ráḋ na cainte sin ṫáinig duine ċun uaċtarain na sinagóige agus duḃairt sé leis: Tá t’inġean ṫar éis ḃáis, ná bí ’ġá ċur ċun trioblóide.


Ansan duḃairt Marta le h-Íosa: A Ṫiġearna, dá mbeiṫeá anso ní ḃeaḋ mo ḋriṫáir marḃ;


Duḃairt Íosa léi: Is mise an aiseiriġe agus an ḃeaṫa; an t-é a ċreideann ionam-sa, má ġeiḃeann sé bás féin, beiḋ sé beó;


Nuair a ḃí an ċaint sin ráiḋte aici d’imṫiġ sí agus ġlaoiḋ sí i gcogar ar a drifiúr Máire, agus duḃairt sí léi: Ṫáinig an Máiġistir, agus tá sé ag glaoḋaċ ort-sa.


Aċ nuair a ṫáinig Máire ċun na h-áite ’n-a raiḃ Íosa agus nuair a ċonaic sí é, do ċaiṫ sí í féin agá ċosaiḃ agus duḃairt sí leis: A Ṫiġearna, dá mbeiṫéa anso ní ḃeaḋ mo ḋriṫáir marḃ.


Duḃairt Íosa: Tógaiḋ an ċloċ. Duḃairt Marta leis, drifiúr an duine ṁairb: A Ṫiġearna, tá sé bréan um an dtaca so, mar tá sé ċeiṫre lá marḃ.


Go deiṁin deiṁin adeirim liḃ go dtig an uair, agus is anois é, i n-a n-aireóċaid na mairḃ guṫ Ṁic Dé, agus an ṁuintir a ḋ’aireóċaiḋ beid siad beó.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ