Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 5:30 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

30 Agus láiṫreaċ do ṫuig Íosa, ann féin, an ċóṁaċt san do ḋul amaċ uaiḋ, agus d’iompuiġ sé ċun na ndaoine, agus duḃairt sé: Cé ṫeangḃuiġ le m’ċuid éadaiġ?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

30 Agus mar gur ṫuig Íosa ann féin ar an ḃall an ċuṁaċt a ċuaiḋ amaċ uaiḋ, ṫionntuiġ sé ṫart ar an tsluaġ, agus duḃairt: Cé ḃain le mo ċuid éadaiġ?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

30 Agus ar an láṫair do ḃraiṫ Íosa ann féin go raiḃ buaiḋ imṫiġṫe amaċ as, agus d’iompuiġ sé sa tsluaġ, agus aduḃairt, Cé ḃain lem’ éadaiġiḃ?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

30 Agus do aiṫin Iósa, ar an mball, ann féin an tsúḃailce do ċúaiḋ as, agus do ḟill sé ar a tslúaġ, agus a duḃairt sé, Cía ḃean rém éuduiġiḃ?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 5:30
5 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus duḃairt a ḋeisgiobuil leis: Ċíonn tú na daoine ag brúṫ ort, agus deirir: Cé ṫeangḃuiġ liom?


Agus do ṫárla, lá, go raiḃ sé ’n-a ṡuiḋe ag teagasg. Agus ḃí na Fairisíniġ ’n-a suiḋe ann, agus doċtúirí na dliġe, a ḃí tagaiṫe ó gaċ baile i nGaililí agus i nIúdaéa agus ó Ierúsalem, agus ḃí cóṁaċt ó’n dTiġearna ag dul ċun a slánuiġṫe.


Agus ḃí an tsluaġ go léir a d’iarraiḋ teangaḃáil leis, óir ḃí cóṁaċt ag dul amaċ uaiḋ a ḃí ag slánú gaċ aoinne.


Agus duḃairt Íosa: Do ṫeangḃaiḋ duine éigin liom; óir is eól dóṁ-sa go ndeaġaiḋ cóṁaċt amaċ uaim.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ