Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 5:23 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

23 Agus d’iarr sé aċainíġe air, agus duḃairt: Tá m’inġean ag dul ċun báis; tar agus cuir do láṁ uirṫi ionas go leiġisfí í agus go mairfeaḋ sí.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

23 Agus ġuiḋ sé é go dian, ag ráḋ: Tá mo inġean i rioċt an: ḃáis, tar, cuir do láṁ uirṫí, ċun go raiḃ sí slán agus go mairiḋ sí.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

23 agus aduḃairt sé leis i n‐aṫċuinġeaċaiḃ, Aṫa m’inġean ḃeag i rioċtaiḃ báis: impiġim ort teaċt agus do láṁ do ċur uirṫi, ċum go leiġeasfaiḋe í, agus go mairfeaḋ sí.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

23 Agus do ġuiḋ sé é go roiġér, ag ráḋ, A tá minġean ḃeag a bponc ḃáis: tárr agus cuir do láṁa uirrṫe, do ċum go sláineoċaiḋe í; agus go mairfeaḋ sí.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 5:23
26 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ṡín Íosa a láṁ agus ċuir sé air í, agus duḃairt sé; Is áil liom é: glantar ṫú. Agus do glanaḋ láiṫreaċ é ó n-a loḃra.


Tógfaid siad aiṫreaċa niṁe, agus má ólaid siad deoċ marḃuiġṫeaċ ní ġortóċaiḋ sé iad: Cuirfid siad a láṁa ar daoine breóite agus beid siad go maiṫ.


Agus d’imṫiġ sé ‘n-a ṫeannta, agus ċuaiḋ mórán daoine i n-aonḟeaċt leis, agus ḃíodar ag brúṫ air.


Agus ċuireadar mórán deaṁan amaċ a’ daoine, agus ċuireadar ola ar a lán daoine breoite agus do leiġseadar iad.


Agus ṫugadar ċuige duine a ḃí boḋar balḃ, agus ḃíodar ag taṫant air a láṁ a ċur air.


Agus do rug sé ar láiṁ ar an ndall, agus do rug sé as an mbaile beag é, agus ċuir sé seile ar a ṡúiliḃ, agus ċuir sé a ḋá láiṁ air, agus d’ḟiafraiġ sé ḋe an ḃfeacaiḋ sé aon níḋ.


Agus ċuir sé a ḋá láiṁ uirṫi, agus do díriġeaḋ suas í láiṫreaċ, agus ṫug sí glóire do Ḋia.


Agus nuair eiriġ Íosa ó’n tsinagóig ċuaiḋ sé isteaċ i dtiġ Ṡímóin, agus ḃí éagcruas ana-ṫrom ar ṁáṫair céile Ṡímóin, agus ḃíodar ag cur aċainiġe ċuige ar a son.


Agus tar éis dul gréine fé, an ṁuintir go raiḃ daoine gan sláinte acu nó go raiḃ aon tsaġas daoine breóite acu ḃíodar ’ġá dtaḃairt ċuige; agus ċuireaḋ sé a láṁ ar gaċ duine acu agus leiġiseaḋ sé iad.


Agus nuair a ḃí sé ag teaċt ċun geata na caṫaraċ, féaċ, ḃí corp d’á ḃreiṫ amaċ, aonṁac a ḃí agá ṁáṫair, agus baintreaċ ab eaḋ an ṁáṫair; agus ḃí soċraid ṁór de ṁuintir na caṫaraċ léi.


Agus do ċuir an ḃeirt driféar teaċtaireaċt ċuige ’ġá ráḋ: A Ṫiġearna, féaċ, an t-é is ionṁuin leat tá sé breóite.


agus do ṫárla go raiḃ aṫain Ṗuḃliuis ’n-a luiġe le h-éagcrúas agus le teinneas cuirp. Ċuaiḋ Pól isteaċ ag triall air agus ḋein sé guiḋe ar a ṡon agus ċuir sé a láṁa air agus do leiġis sé é.


Ṫugadar na fir sin i láṫair na n-Aspol, agus ḋein na n-Aspoil úrnuiġṫe ḋċiḃ agus ċuireadar a láṁa orṫa.


Ansan do ċuireadar a láṁa orṫa agus do ġlacadar an Spioraid Naoṁ.


(Agus ċonnaic sé ar fear d’an ḃ’ainim Ananías agus é ag teaċt isteaċ ag triall air agus ag cur a láiṁe air ċun raḋairc a ṫaḃairt dó.)


Agus d’imṫiġ Ananías agus ċuaiḋ sé isteaċ sa tiġ agus ċuir sé a láṁ air agus duḃairt sé: A Ṡaul, a ḃráṫair, an Tiġearna Íosa a ṫaisbeáin é féin duit ar an slíġ agus tu ag teaċt, do ċuir sé mise ċuġat ionus go ḃfeicfá agus go líonfí de’n Spioraid Naoṁ ṫu.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ