Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 5:18 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

18 Agus nuair a ḃí sé ag dul ar bórd na luinge do ċrom an fear, go raiḃ an deaṁan ’ġa ċráḋ, ar a iarraiḋ go leigfí leis é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

18 Nuair a ḃí sé ag dul isteaċ san luing, ṫoisiġ an té a ḃíoḋ dá ċráḋaḋ ag an deaṁan a ċur aṫċuinge air go mbéaḋ sé ina ċuideaċta,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 Agus nuair do ḃí sé ag dul isteaċ sa mbád, an fear ’n‐a mbíoḋ na deaṁain, d’iarr seisean cead air go ḃfanfaḋ sé ’n‐a ḟoċair.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

18 Agus ar ndul a luing ḋósan, do íarr an té an a raiḃ an deaṁan air é féin do ḃeiṫ na ḟoċair.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 5:18
10 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do leaṫ a ċlú ar fuid Siria go léir, agus do tugaḋ ag triall air na daoine go léir a ḃí as a sláinte, gaḃṫa le galaraiḃ agus le piantaiḃ, agus daoine go raiḃ deaṁain ionta, agus daoine a ḃí as a meaḃair, agus daoine a ḃí gan lúṫ, agus do leiġis sé iad.


Agus ṫánadar ag triall ar Íosa agus ċonacadar an fear go mbíoḋ an deaṁan ’ġa ṁilleaḋ, ’n-a ṡuiḋe agus a ċuid éadaiġ uime agus é ’n-a lán-ṁeaḃair, agus ṫáinig eagal orṫa.


Agus d’innis an ṁuintir a ċonaic é ḋóiḃ cad a ṫarla do ’n ḟear go raiḃ an deaṁan ann, agus i dtaoḃ na muc.


Agus ċromadar ar ṫaṫant air go n-imṫeóċaḋ sé as a dtír.


Agus do liúiġ sé do ġuṫ árd agus duḃairt: Cad é an ċuid atá agat díom-sa, a Íosa, a Ṁic Dé is aoirde? Iarraim ort i n-ainim Dé gan mé ṗianaḋ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ