Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 5:15 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

15 Agus ṫánadar ag triall ar Íosa agus ċonacadar an fear go mbíoḋ an deaṁan ’ġa ṁilleaḋ, ’n-a ṡuiḋe agus a ċuid éadaiġ uime agus é ’n-a lán-ṁeaḃair, agus ṫáinig eagal orṫa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

15 Agus tig siad ċuig Íosa, agus tċí siad an té a ḃíoḋ dá ċráḋaḋ ag an deaṁan ina ṡuiḋe, a ċuid éadaiġ air agus é slán ina ċéill, agus ṫáinic eagla orṫa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 Agus ṫángadar ċum Íosa, agus do ċonnacadar an fear ’n‐a mbíoḋ na deaṁain, é ’n‐a ṡuiḋe, agus a éadaiġe air, agus é ’n‐a ṁeaḃair ṡaoġalta, an fear céadna ’n‐a raiḃ an léigiún: agus ṫáinig eagla orṫa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

15 Agus tigid síad ċum Iósa, agus do ċíd an té an a raiḃ an deaṁan, agus agá raiḃ an léiġión ann, na ṡuiḋe agus a éudaċ uime, agus a ċíall aige: agus do ġaḃ eagla íad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 5:15
21 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Nó conus is féidir do ḋuine dul isteaċ i dtiġ an ḟir láidir agus a ṡeóide ḋ’ḟuadaċ, mura ndeiniḋ sé an fear láidir do ċeangal ar dtúis? Ansan sgartálfaiḋ sé a ṫiġ.


An aṁlaiḋ is dóiġ leat náċ féidir dóṁ-sa a iarraiḋ ar m’Aṫair, agus cuirfiḋ sé ċúġam láiṫreaċ níos mó ’ná ḋá legión déag aingeal?


Agus do leaṫ a ċlú ar fuid Siria go léir, agus do tugaḋ ag triall air na daoine go léir a ḃí as a sláinte, gaḃṫa le galaraiḃ agus le piantaiḃ, agus daoine go raiḃ deaṁain ionta, agus daoine a ḃí as a meaḃair, agus daoine a ḃí gan lúṫ, agus do leiġis sé iad.


Agus nuair a cuireaḋ amaċ an deaṁan do laḃair an duine balḃ; agus ḃí iongna ar na daoine, agus deiridís: Ní feacaṫas a leiṫéid sin riaṁ i n-Israél.


Agus na daoine a ḃí ’ġa n-aoḋaireaċt do riṫeadar agus d’innseadar sa ḃaile agus ar fuid na tíre é. Agus ṫáinig na daoine amaċ féaċaint cad a ṫarla.


Agus d’innis an ṁuintir a ċonaic é ḋóiḃ cad a ṫarla do ’n ḟear go raiḃ an deaṁan ann, agus i dtaoḃ na muc.


Agus nuair a ḃí sé ag dul ar bórd na luinge do ċrom an fear, go raiḃ an deaṁan ’ġa ċráḋ, ar a iarraiḋ go leigfí leis é.


Óir do ceangalaḋ é go minic le geiṁliḃ agus le slaḃraíḃ, agus do ḃris sé na slaḃraí agus do strac sé na geiṁle as a ċéile, agus ní raiḃ ar ċumas aoinne smaċt a ċur air.


Ansan do ċeisdiġ sé é: Cad is ainim duit? Agus duḃairt seisean: Legión is ainim dom, óir is líonṁar sinn.


Agus ḃí ag an mnaoi sin drifiúr dár ḃ’ainim Máire, agus do ṡuiḋ sí ag cosaiḃ an Tiġearna ag éisteaċt le n-a ḃriaṫar.


Agus ċóṁ luaṫ agus ṫánadar i dtír do riṫ ċuige fear n-a raiḃ deaṁan ann ar feaḋ mórán aimsire, agus ní raiḃ éadaċ uime, ná ní ḟanaḋ sé i dtiġ, aċ ins na tuamaíḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ