Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 5:13 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

13 Agus ṫug Íosa an aċainíġe ḋóiḃ láiṫreaċ. Agus d’imṫig na deaṁain ṡalaċa amaċ agus ċuadar isteaċ ins na mucaiḃ, agus do ġluais na muca, suas le ḋ’á ṁíle acu, i ndiaiḋ ṁullaċ a gcinn, isteaċ sa ḃfaraige agus do báṫaḋ iad sa ḃfaraige.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

13 Agus ṫug Íosa cead dóiḃ ar an ḃall. Agus ar ḋul amaċ do na spioraid neaṁġlana, ċuaiḋ siad isceaċ ins na muca, agus caiṫeaḋ an tréad de ḋearg-ruaṫar ar ṁullaċ a gcinn isteaċ san ḟairrge, tuairim ar ḋá ṁíle acu, agus plúċaḋ san ḟairrge iad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Agus ṫug sé an cead dóiḃ. Agus ṫáinig na spioraide neaṁ‐ġlana amaċ, agus do ċuadar isteaċ ins na mucaiḃ; agus do riṫ an tréad de ruaṫar síos le fánaiḋ isteaċ sa ḃfairrge, fá ṫuairim míle ḋíoḃ do ḃí ann; agus do báṫaḋ iad sa ḃfairrge.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

13 Agus tug Iósa cead dóiḃ ar an mball. Agus ar ndul a maċ do na spioradaiḃ neaṁġlana sin do ċúadar ann sna mucaiḃ: agus do ṫuit an tréd a ndiáiġ a gcinn ris an aill san ḃfairge, (agus do ḃádar timċeall ḋá ṁíle muc ann;) agus do múċaḋ íad ann sa ḃfairge.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 5:13
12 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ná tugaiḋ an níḋ naoṁṫa dos na madraíḃ; agus na caiṫiḋ ḃúr bpéarlaí ċun na muc, le h-eagla go ngeóḃaidís do ċosaiḃ ionta, agus ansan go n-iompóċaidís oraiḃ agus go stracfaidís siḃ.


Agus duḃairt sé leó: Imṫiġiḋ. Agus d’imṫiġeadar isteaċ ins na mucaiḃ, agus féaċ, do riṫ an tréad muc ar buile le fánaiḋ isteaċ sa ḃfaraige, agus do báṫaḋ iad.


Agus d’iarr na deaṁain aċainíġe air, agus duḃradar: Cuir ins na mucaiḃ sinn go raiġmíd isteaċ ionta.


Agus na daoine a ḃí ’ġa n-aoḋaireaċt do riṫeadar agus d’innseadar sa ḃaile agus ar fuid na tíre é. Agus ṫáinig na daoine amaċ féaċaint cad a ṫarla.


Is ó’n ndiaḃal, ḃúr n-aṫair, siḃ-se, agus isiad na neiṫe a ṫaiṫneann le nḃúr n-aṫair a ḋeineann siḃ. Dúnṁarḃṫóir ab eaḋ é sin ó ṫusaċ, agus níor ṡeasaiṁ sé sa ḃfirinne, óir ní’l fírinne ann; nuair a laḃrann sé an t-éiṫeaċ laḃrann sé an níḋ is leis féin, óir tugann sé an t-éiṫeaċ agus isé aṫair an éiṫiġ é.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ