Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 4:35 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

35 Agus duḃairt sé leó an lá san, nuair a ḃí an déanaiġe ann: Téiġmís anonn treasna.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

35 Agus deir sé leo an lá sin, nuair a ḃí sé ina árd-ṫráṫnóna: Téiġimís anonn trasna.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

35 Agus aduḃairt sé leo an lá sin, nuair do ḃí an tráṫnóna ann, Téiġmís trasna anonn go dtí an taoḃ ṫall.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

35 Agus a duḃairt sé an lá sin ríu, ar mbeiṫ deiġionaċ ḋó, Déunum don táoḃ a nunn.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 4:35
11 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus láiṫreaċ ’n-a ḋiaiḋ san do ċuir Íosa ḋ’ḟiaċaiḃ ar a ḋeisgiobulaiḃ dul ar bórd na luinge bige agus dul roimis féin go dtí an taoḃ ṫall de’n uisge, ċun go gcuirfeaḋ sé na daoine ċun siúḃail.


Agus nuair a ċonaic Íosa na sluaiġte móra ’n-a ṫímpal, d’órduiġ sé dul ṫar uisge.


Agus nuair a ṫainig Íosa ṫar uisge airís, sa luing, do ḃailiġ pobul mór ċuige, agus é ar bruaċ na faraige.


Agus láiṫreaċ ċuir sé ḟiaċaiḃ ar a ḋeisgiobulaiḃ dul ar bórd na luinge ċun go raiġdís treasna go Betsaida, agus go gcuirfeaḋ sé féin na daoine ċun siuḃail.


Agus ċuir sé uaiḋ iad, agus ċuaiḋ sé ar bórd na luinge airís agus d’imṫiġ sé ṫar uisge.


Agus do ṫarla, lá de sna laeṫiḃ sin, go ndeaġaiḋ sé féin agus a ḋeisgiobuil ar bórd luinge, agus duḃairt sé leó: Téiġmís treasna an loċa. Agus ċuadar ar aġaiḋ.


Agus duḃairt sé leó-san: Cá ḃfuil ḃúr gcreideaṁ? Mar ḃí eagal orṫa agus iongna, agus iad ’ġá rád le n-a ċéile, Cad é mar ḋuine é seo, go smaċtuiġeann sé gaoṫ agus faraige agus go ndeinid siad rud air?


Tar éis na neiṫe sin d’imṫiġ Íosa treasna mara Ġaililí, ’sé sin Tiberias,


Agus ċuadar ar bórd na luinge, agus ċuadar treasna na faraige go Caṗarnaum; agus ḃí an doirċeaċt ann feasda, agus ní raiḃ Íosa tagaiṫe ċúċa.


Agus nuair a fuaradar é lastall de’n ḟaraige duḃradar leis: A Ṁáiġistir, conus a ṫáinís ċun na h-áite seo?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ