Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 4:20 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

20 Agus an ṁuintir a ġlac an síol isteaċ sa talaṁ fóġanta, siniad an ṁuintir a ḋ’éisteann leis an mbriaṫar, agus do ġlacann é agus do ṫugann toraḋ uaṫa, duine fó ṫríoċad, duine fó ṫrí fiċid, agus duine fó ċéad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

20 Agus is iad seo iad i n-ar cuireaḋ an síol san talaṁ ṁaiṫ, an luċt a ċluin an briaṫar, a ġlacas é agus a ḃeir toraḋ uaṫa, duine fá ḋeiċ ar ḟiċid, duine fá ṫrí ḟiċid, agus duine fá ċéad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

20 Agus iad‐san gur cuireaḋ an síol sa talaṁ maiṫ ionnta; is iad na daoine éisteas leis an mbriaṫar, agus ġlacas ċuca é, agus do‐ḃeir toraḋ uaṫa, fá ṫrioċaid, agus fá ṫrí‐fiċid, agus fá ċéad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

20 Agus is íad so an dream an ar cuireaḋ an síol ann sa talaṁ maiṫ, noċa éisdeas, agus ġaḃus ċuca an ḃríaṫar, agus do ḃeir toraḋ úaṫa, áon a deiċ fiċead, áon trí fiċid, agus áon eile céud.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 4:20
14 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċ an t-é a ġlac an síol isteaċ sa talaṁ fóġanta, siné an t-é a ċloiseann an briaṫar agus do ṫuigeann é, agus a ṫugann toraḋ uaiḋ, agus tugann sé cuid de’n toraḋ fó ċéad, agus cuid eile ḋe fó ṫrí fiċid, agus cuid eile ḋe fó ṫríoċad.


Ṫuit cuid eile acu, áṁṫaċ, ar ṫalaṁ ḟóġanta; agus ṫugadar toraḋ, cuid acu fó ċéad, cuid acu fó ṫrí fiċid, cuid acu fó ṫríoċad.


Agus do ṫuit cuid eile ḋe ar ṫalaṁ ḟóġanta, agus d’ḟás sé agus d’éiriġ sé, agus ṫug sé toraḋ uaiḋ, cuid de fó ṫríoċad, cuid de fó ṫrí fiċid, agus cuid dé fó ċéad.


Aċ an ċuid a ṫuiteann ar an dtalaṁ fóġanta, siniad an ṁuintir a ġlacann an focal leis an ndeaġ-ċroiḋe is fearr nuair a ċloisid siad é, agus coimeádaid siad é, agus tugaid siad toraḋ uaṫa le fadḟulang.


Ní siḃ-se a ḋein mise do ṫoġaḋ: aċ is mise a ḋein siḃ-se do ṫoġaḋ, agus do ċeapaḋ ċun go n-imṫeoċaḋ siḃ agus go dtaḃarfaḋ siḃ toraḋ uaiḃ, agus go leanfaḋ ḃúr dtoraḋ; i dtreó, pé rud a ḋ’iarrfaḋ siḃ ar an Aṫair am’ ainim-se, go dtaḃarfaḋ sé daoiḃ é.


Gaċ géag atá orm agus ná tugann toraḋ, gearrfaiḋ sé í; agus gaċ géag a ṫugann toraḋ, glanfaiḋ sé í, ionus go dtaḃarfaḋ sí breis toraḋ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ