Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 4:11 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

11 Agus duḃairt sé leó: Do tugaḋ daoiḃ-se eólus d’ḟáġail ar rúndiaṁ raiḃ ríġeaċta Dé, aċ do’n ṁuíntir sin atá lasmuiġ, deintear gaċ níḋ i soluídíḃ;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

11 Agus duḃairt sé leo: Is díḃ-se a tugaḋ eolas a ḃeiṫ agaiḃ ar rúindiaṁair ríoġaċt Dé; aċt leoḃṫa sin atá taoḃ amuiġ deirtear gaċ níḋ i ḃfáiṫscéalta,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Agus aduḃairt sé leo, Tugaḋ eolas daoiḃ‐se ar rúin‐diaṁraiḃ ríoġaċta Dé: aċt dóiḃ‐sean atá amuiġ, déantar gaċ niḋ i saṁlaoidiḃ:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

11 Agus a duḃairt sé ríu, Is dáoiḃsi a tugaḋ éolus ar ṡeicréid ríoġaċda Dé: aċd ris an dréim atá leiṫ a muiġ, deirṫear gaċ éinní a ccosaṁlaċduiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 4:11
20 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Sa n-am san d’ḟreagair Íosa agus duḃairt: Adṁuiġim ad’ láṫair-se, a Aṫair, a Ṫiġearna neiṁe agus talṁan, mar gur ċeilis na neiṫe seo ar luċt eagna agus tuisgiona, agus gur noċtais iad do naoiḋeanaiḃ.


Aċ is aoiḃinn d’ḃúr súiliḃ-se, óir ċíd; agus d’ḃúr gcluasaiḃ, óir cloisid.


Agus d’ḟreagair Íosa agus duḃairt sé leis: Is aoiḃinn duit, a Ṡímóin ṁic Ióna, óir ní feóil agus fuil a ḋ’ḟoillsiġ duit-se sin, aċ m’Aṫair-se atá ins na flaṫais.


Agus do ġlaoiḋ sé ċuige iad, agus do laḃair sé leó i soluídíḃ: Conus ḟéadfaḋ Sátan Sátan do ċur amaċ?


agus nuair a ḃí sé i n’aonar d’ḟiafruiġ an dáréag a ḃí i n’ḟoċair fios na soluíde ḋe.


Agus ṫug sé mórán teagaisg dóiḃ i soluídíḃ, agus duḃairt leó sa teagasg:


Agus duḃairt sé leó: Do tugaḋ daoiḃ-se rúndiaṁar ríġeaċta Dé a ḋ’aiṫint; do’n ċuid eile, áṁṫaċ, i ḃfuirm soluídí, i dtreó go ḃfeicfidís agus ná feicfidís, agus go gcloisfidís agus ná tuigfidís.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ