Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 3:22 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Agus na Sgríḃneóirí a ṫáinig anuas ó Ierúsalem, duḃradar gur ḃ’é Beelsebub a ḃí istiġ ann, agus gur le cóṁaċt rí na ndeaṁan a ḃí sé ag cur na ndeaṁan amaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

22 Aċt deireaḋ na Scríoḃaiḋṫe a ṫáinic anuas as Ierusalem: Tá Beelsebub ann, agus is tré ṗrionnsa na ndeaṁan a ṫeilgeas sé amaċ na deaṁain.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Agus na scríoḃaiḋṫe ṫáinig anuas ó Iarúsalem, aduḃradar‐san, Atá Belsibub ann, agus is le cuṁaċt prionnsa na ndeaṁan ċaiṫeas sé na deaṁain amaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

22 Agus a duḃradar na sgríobuiḋe ṫáinic a núas ó Iérusaléim, Go raiḃ Beelsébub ann, agus gur ab tré ṗrionnsa na ndeaṁan do ċuireaḋ sé na deaṁain ámaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 3:22
14 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Is leór do’n deisgiobuil ḃeiṫ mar a ṁáiġistir, agus do’n tseirḃíseaċ ḃeiṫ mar a ṫiġearna. Má ṫugadar Beelsebub ar ḟear an tiġe, náċ mó ’ná san a ṫaḃarfaid siad ar ṁuintir a ṫiġe é?


Óir do ṫáinig Eóin gan iṫe gan ól, agus deirid siad: Tá deaṁan ann.


D’airiġ na Fairisíniġ an ċaint sin, agus duḃradar: Ní ċuireann sé seo na deaṁain amaċ aċ le cóṁaċt Ḃeelsebub, rí na ndeaṁan.


Ansan do ṫáinig Sgríḃneóirí agus Fairisíniġ ag triall air ó Ierúsalem, agus duḃradar:


Aċ deireaḋ na Fairisíniġ: Is le cóṁaċt rí na ndeaṁan a ċuireann sé amaċ na deaṁain.


Agus ṫáinig Fairisíniġ agus raint des na Sgríḃneóiríḃ ó Ierúsalem, agus ḃailiġeadar ċuige.


Duḃairt cuid acu, áṁṫaċ, Is le cóṁaċt Ḃeelsebub, rí na ndeaṁan, a ċuireann sé na deaṁain amaċ.


Agus do ṫárla, lá, go raiḃ sé ’n-a ṡuiḋe ag teagasg. Agus ḃí na Fairisíniġ ’n-a suiḋe ann, agus doċtúirí na dliġe, a ḃí tagaiṫe ó gaċ baile i nGaililí agus i nIúdaéa agus ó Ierúsalem, agus ḃí cóṁaċt ó’n dTiġearna ag dul ċun a slánuiġṫe.


Agus ḃí féile an toirḃearṫa i n-Ierúsalem, agus sa ġeiṁreaḋ ab eaḋ é.


Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ a d’iarraiḋ mé ċur ċun báis? D’ḟreagair an tsluaġ agus duḃradar: Deaṁan atá ionat; cia ’tá a d’iarraiḋ ṫú ċur ċun báis?


Agus d’ḟreagair na Iúdaiġ é agus duḃradar: Naċ maiṫ adeirimíd-ne é gur Samaritánaċ tusa agus go ḃfuil deaṁan ionat?


Ansan duḃairt na Iúdaiġ: Tá ḟios againn anois go ḃfuil deaṁan ionat. Tá Ábraham marḃ, agus na fáiḋe, agus deirir-se, Má ċoimeádann duine mo ḃriaṫar-sa ní ḃlaisfiḋ sé bás go deó.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ