Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 16:4 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Agus nuair ḟéaċadar ċonacadar an ċloċ iompuiġṫe siar. Agus cloċ ana-ṁór ab eaḋ í.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

4 Agus ag aṁarc dóiḋ, ċonnaic siad an ċloċ tionntuiġṫe. Óir ḃí sí an-ṁór.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Agus ag féaċain suas dóiḃ, ṫugadar fá deara go raiḃ an leac iontuiġṫe: óir do ḃí sí an‐ṁór.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 Agus ar ḃféaċain dóiḃ, do ċonncadar an ċloċ ar na hiomlat: óir do ḃí si roṁór.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 16:4
7 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus ċuir sé ’n-a ṫuama nua féin é, a ḃí gearrṫa aige i gcaraig; agus ċuir sé cloċ ṁór ċun ḃéil na h-uaġa, agus d’imṫiġ sé.


D’imṫiġeadar, agus ḋaingniġeadar an tuama, ag cur séala ar an gcloiċ, agus ag ceapaḋ luċt faire.


Agus ḃíodar ’ġá ráḋ le n-a ċéile: Cé ḋ’iompóċaiḋ siar an ċloċ dúinn ó ḃéal an tuama?


Agus ċuadar isteaċ sa tuama agus ċonacadar an fear óg ’n-a ṡuiḋe ar ṫaoḃ na láṁa deire agus éide ġeal uime, agus ṫáinig eagal orṫa.


Agus fuaradar an ċloċ iompuiġṫe siar ó’n dtuama.


Agus an ċéad lá de’n tseaċtṁain ṫainig Máire Ṁaġdalén ar maidin, agus an doirċeaċt fós ann, ċun na h-uaġa, agus ċonaic sí an leac tógṫa ó’n uaiġ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ