Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 16:14 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

14 Fé ḋeire, ḃí an t-aoinne déag acu ’n-a suiḋe i ḃfoċair a ċéile, agus ṫaisbeáin sé é féin dóiḃ; agus do ċas sé leó a ndíṫċreideaṁ agus a ndúrċroiḋe, toisg nár ċreideadar an ṁuintir a ċonaic go raiḃ sé tar éis aiseiriġe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

14 Fá ḋeireaḋ ṫaisbeán sé é féin doʼn aon ḟear déag nuair a ḃí siad ag glacaḋ bíḋ, agus dʼaiṫḃriġ sé a ndíċreideaṁ agus a gcruaḋas croiḋe orṫa, de ḃríġ nár ċreid siad iad-san a ċonnaic é i ndiaiḋ a eiséirġe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Fá ḋeireaḋ, do ṫaisbeán sé é féin do’n ao n ḟear déag ar fad, agus iad ’n‐a suiḋe ag caiṫeaṁ biḋ; agus do ċas sé leo a míċreideaṁ agus a ndúire croiḋe, de ḃriġ nár ċreideadar na daoine do ċonnaic é iar h‐éirġe ḋó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Fa ḋeiriḋ ar mbeiṫ ar áonḃall do naóinḟear ḋég do ṫaisbéan sé é féin dóiḃ, agus do ċuir sé na aġaiḋ a míċreideaṁ agus a gcrúas croiḋe, tré nár ċreídeadar don druing do ċonnairc é ar neiséirġe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 16:14
24 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ansan do ċrom sé ar ṁilleán do ċur ar na caṫraċaiḃ ionar h-oibriġeaḋ an ċuid ba ṁó d’á ċóṁaċtaiḃ, toisg nár ḋeineadar aiṫriġe:


Aċ ní curtar amaċ an sórd so aċ le h-úrnuiġṫe agus le trosgaḋ.


Agus nuair a ċonacadar é d’aḋradar é; aċ ḃí cuid acu lag-ċreideaṁac.


Agus duḃairt sé leó: Agus an ḃfuil siḃ-se leis gan breiṫeaṁantas mar sin? Ná tuigeann siḃ, pé rud a ṫéiġeann isteaċ sa duine ó’n dtaoḃ amuiġ náċ féidir do an duine ṡailiú,


Agus do saṁlúiġeaḋ dóiḃ ná raiḃ sa ċaint sin aċ caint gan ċiall agus níor ṫugadar aon ċreideaṁaint di.


Agus duḃairt sé féin leó: Ó, a ḋaoine dalla dúr-ċroíḋeaċa ċun gaċ níḋ aduḃairt na fáiḋe do ċreideaṁaint.


Agus d’á ḃríġ, sin, duḃairt na deisgiobuil eile leis: Ċonacamair an Tiġearna. Aċ duḃairt seisean leó: Mura ḃfeicead i n-a ḋearnaċaiḃ rian na dtaraingí, agus mura gcuiread mo ṁéar isteaċ i n-inead na dtaraingí, agus mura gcuiread mo láṁ isteaċ ’n-a ṫaoḃ, ní ċreidfead é.


Agus tar éis oċt lá ḃí na deisgiobuil istiġ airís, agus Tomás ’n-a ḃfoċair. Ṫáinig Íosa, agus na dóirse dúnta, agus ṡeasaiṁ sé i lár baill, agus duḃairt sé: Síoṫċáin daoiḃ.


Ansan deir sé le Tomás: Cuir do ṁéar anso isteaċ agus féaċ mo ḋearnaċa, agus sin anso do láṁ, agus cuir isteaċ am’ ṫaoḃ í; agus ná ḃí díċreideaṁaċ, aċ ḃí creideaṁaċ.


I n-a ḋiaiḋ san do ṫaisbeáin Íosa é féin airís do sna deisgiobulaiḃ ag muir Ṫiberias, agus seo mar a ṫaisbeáin.


B’ṡiné an tríṁaḋ h-uair ag Íosa ’ġá ṫaisḃeáint féin d’á ḋeisgiobulaiḃ agus é eiriġṫe ó sna mairḃ.


Agus tar éis é féin a ṫaisbeáint beó ḋóiḃ i ndiaiḋ a ṗáise, le mórán deasḃuiṫe, i gcaiṫeaṁ daċad lá, ’ġá ṫaḃairt féin le feisgint dóiḃ agus ag laḃairt leó ar ríġeaċt Dé.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ