Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 15:40 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

40 Agus ḃí mná ann aḃfad uaiḋ agus iad ag féaċaint air, ar a raiḃ Máire Magdalén, agus Máire máṫair Ṡéamuis ḃig agus Ióseiṗ, agus Salómé;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

40 Agus ḃí mná ann fosta ag féaċaint air i ḃfad uaiḋ, ar a raiḃ Máire Magdailéin, agus Máire, máṫair Ṡéamuis Ḃig agus Ióseṗ, agus Salome.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

40 Agus do ḃí mná ann i ḃfad uaiḋ, agus iad ag féaċain air: orṫa‐san do ḃí Máire Ṁagdaléné, agus Máire máṫair Ṡéamais ḃig agus Iósés, agus Salómé;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

40 Agus do ḃádar mar an gcéudna mná a ḃfad úaḋ ag féaċain: eidir a raiḃ Muire Ṁagdalén, agus Muire maṫair Ṡéumuis ḃig agus Ióses, agus Salómé;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 15:40
18 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Séamus mac Sebedé, agus Eóin a ḋriṫáir, Pilib agus Parṫolán, Tomás, agus Maitiú an puibliocánaċ, Séamus mac Alṗéis, agus Taddeus,


Náċ é seo mac an ċeardaiḋe? Náċ ar a ṁáṫair a tugtar Muire, agus ar a ḃráiṫriḃ Séamus agus Ióseṗ agus Símón agus Iúdás?


Ḃí ann, áṁṫaċ, Máire Ṁagdalén agus an Máire eile agus iad ’n-a suiḋe ar aġaiḋ na h-uaġa amaċ.


Agus i ndeire na sabbóide, nuair a ḃí an ċéad lá de’n tseaċtṁain ag soillsiú ṫáinig Máire Ṁagdalén agus an Máire eile ag féaċaint na h-uaġa.


Agus ḃi Máire Ṁagdalén agus Máire [máṫair] Ióseiṗ ag féaċaint ar an áit ’n-ar cuireaḋ é.


Agus nuair a ḃí an tsabbóid imṫiġṫe ċeannuiġ Máire Ṁagdalén agus Máire, máṫair Ṡéamuis, agus Salómé, spíosra cúṁrṫa ċun go dtiocfaidis agus go n-ungfaidís Íosa.


Aċ nuair aiseiriġ sé ar maidin an ċéad lae de’n tseaċtṁain, ṫaisbeáin sé é féin ar dtúis do Ṁáire Ṁagdalén, an ḃean as ar ḋíbir sé na seaċt ndeaṁain.


Agus ḃí sé a d’iarraiḋ Íosa ḋ’ḟeisgint, eaḋon, Cé’r ḃ’é, agus do ṫeip sé air mar ġeall ar an sluaġ, mar firín íseal ab eaḋ é.


Agus a luċt aiṫne go léir, agus na mná do lean é ó Ġaililí, do ṡeasuiġeadar aḃfad amaċ, ag féaċaint ar na neiṫe sin.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ