Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 15:19 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

19 Agus ansan do ḃuailidís sa ċeann é le cleiṫ, agus ċaiṫidís seile air, agus do ċromaidís a nglúine ’ġá onórú.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

19 Agus ḃuail siad a ċeann le giolcaċ agus ċaiṫ siad seilogaí air, agus ag cromaḋ a nglún dóiḃ, rinne siad uṁluġaḋ dó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

19 Annsin do ḃuaileadar sa gceann é le giolcaċ, agus do ċaiṫeadar seilí air, agus ag cromaḋ a nglún dóiḃ do rinneadar omós dó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

19 Agus do ḃúaileadar é an a ċeann lé giolcaċ, agus do ġaḃadar do ṡeiliḋiḃ air, agus ar léigean a nglún fúṫa, do rinneadar úṁla ḋó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 15:19
32 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus ċaiṫidís seile air, agus ṫógaidís an ċleiṫ agus ḃuailidís buille ḋi sa ċeann air.


Agus déanfaid siad magaḋ faoi, agus caiṫfid siad seilí air, agus sgiúrsálfaid siad é, agus marḃóċaid siad é; agus eireóċaiḋ sé airís an tríṁaḋ lá.


Agus do ċrom cuid acu ar ṡeilí ċaiṫeaṁ air, agus ar a aġaiḋ do ċlúdaċ agus ar é ḃualaḋ le dóirniḃ, agus deiridís: Targair: agus ḃí na seirḃísiġ ’ġá ḃualaḋ le n-a mbasaiḃ.


Agus ċromadar ar ḃeannú ḋó: Go mbeannuiġṫear duit, a rí na n-Iúdaċ.


Agus nuair a ḃí an magaḋ déanta acu faoi do ḃaineadar de an brat corcra, agus ċuireadar a ċuid éadaiġ féin airís uime, agus do rugadar leó é ċun é céasad.


Aċ deirim-se liḃ-se go dtáinig Elias ċeana féin, agus gur imreadar a dtoil air, mar atá sgríoḃṫa ’n-a ṫaoḃ.


Agus na fir go raiḃ Íosa gaḃṫa acu, ḃíodar ag déanaṁ magaiḋ faoi agus ’ġá ḃualaḋ.


Agus ṫug Héród agus a luċt airm tarcuisne ḋó, agus ċuir sé éadaċ bán air, ċun magaiḋ, agus ċuir sé ṫar n-ais ag triall ar Ṗílát é.


Agus ḃí na saiġidiúirí ag déanaṁ magaiḋ faoi, ag teaċt agus ag taḃairt fínéigre ḋó,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ