Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 14:49 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

49 Ḃíos gaċ lá i nḃúr measg sa teampul, ag teagasg agus níor rugaḃair orm. Aċ is ċun an sgriptiúra do ċóṁlíonaḋ é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

49 Ḃí mé i mo ṡuiḋe gaċ lá i ḃur measc ag teagasc san teampall, agus ní rug siḃ orm. Aċt is ċun na Scrioptúirí a ċóiṁlíonaḋ é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

49 Do ḃíos gaċ lá ’n‐ḃúr measc ag teagasc sa teampall, agus ní rugaḃar orm: aċt do‐ġnítear é seo ċum na scrioptúirí do ċóiṁlíonaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

49 Do ḃí mé gaċ éanlá aguiḃ sa teampall ag teagasg, agus níor ġlacaḃuir mé: Aċd is éigin na sgríobtuiriḋ do ċoiṁlíonaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 14:49
27 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

D’ḟreagair Íosa é: Do laḃras go h-osgailte leis an ndoṁan; ḋeineas teagasg i gcóṁnuiġe sa tsinagóig, agus sa teampul, mar a gcruinníġid na Iúdaiġ go léir; agus níor laḃras aon níḋ fé ċeilt.


Agus ṫáinig sé isteaċ sa teampul airís go moċ ar maidin, agus ṫáinig na daoine go léir ag triall air agus do ṡuiḋ sé agus ḃí sé ’ġá dteagasg.


Óir deirim liḃ náċ foláir an méid seo fós atá sgríoḃṫa do ċómlíonaḋ ionam-sa: Agus do luaḋaḋ é le cuirpṫeaċaiḃ: óir, na neiṫe a ḃaineann liom, tá deire leó.


Agus ḃi Íosa ag teagasg sa teampul agus duḃairt sé: Conus adeir na Sgríḃneóirí gur mac do Ḋáiḃid Críost?


Aċ tá so go léir déanta ċun go gcóṁlíonfaí scriptiúirí na ḃfáiḋ. Ansan d’ḟág a ḋeisgiobuil go léir é, agus do ṫeiṫeadar.


Conus, d’á ḃríġ sin, a cóṁlíonfar an scriptiúir, óir ní foláir a ṫuitim amaċ mar seo.


Agus do ṫuit an méid sin go léir amaċ i dtreó go gcóṁlíonfaí an rud a duḃairt an Tiġearna tré ḃéal an ḟáiḋ nuair aduḃairt sé:


Agus ḃí Íosa ag siuḃal sa teampul, i bpóirse Ṡalomóin.


Agus ansan do laḃair Íosa airís agus duḃairt sé: Mise solus an doṁain; an t-é a leanfaiḋ mé ní ṡiuḃlóċaiḋ sé sa doirċeaċt, aċ beiḋ aige solus na beaṫa.


Agus an lá deirineaċ, an lá mór d’aimsir na féile, bí Íosa ’n-a ṡeasaṁ agus é ag laḃairt go h-árd, agus deireaḋ sé: Má tá tart ar aoinne, tagaḋ sé ċuġam-sa agus ólaḋ sé.


Agus ḃí sé ag teagasg; sa teampul gaċ lá. Agus ḃí uaċtaráin na sagart agus na Sgríḃneóirí agus na h-uaisle a d’iarraiḋ é ċur ċun báis,


Agus ṫánadar airís go Ierúsalem. Agus nuair a ḃí sé ag siuḃal istiġ sa teampul ṫáinig ċuige uaċtaráin na sagart agus na Sgríḃneóirí agus na seanóirí,


An uair sin duḃairt Íosa leis an sluaġ: Ṫánaḃair amaċ ċun beirṫe orm, agus claiḋṁte agus bataí agaiḃ, mar a ṫiocfaḋ siḃ ċun beirṫe ar ḃiṫeaṁnaċ. Ḃíos am’ ṡuiḋe sa teampall gaċ lá ag teagasg i nḃúr measg, agus níor rugaḃair orm.


Agus d’ḟág sé an áit sin, agus ṫáinig sé go críoċaiḃ Iúdaéa, lastall de’n Iórdan, agus ḃailiġ na daoine ċuige airís. Agus mar ba ġnáṫ leis, do ṫeagaisg sé airís iad.


Agus d’ḟreagair Íosa agus duḃairt sé: An dtánaḃair amaċ, agus claiḋṁte agus bataí agaiḃ, ċun beirṫe orm mar a ṫiocfaḋ siḃ cun beirṫe ar ḃiṫeaṁnaċ?


Ansan d’ḟág a ḋeisgiobuil é agus do ṫeiṫeadar go léir.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ