Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 14:30 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

30 Agus duḃairt Íosa leis: Go deiṁin adeirim leat, sa lá so againn, anoċt féin, séanfair mé fó ṫrí sar a nglaoiḋfiḋ an coileaċ an tarna h-uair.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

30 Agus deir Íosa leis: Amén adeirim leat, indiu, anoċt féin, sul a scairtiḋ an coileaċ an dara h-uair, séanfaiḋ tusa mé fá ṫrí.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

30 Agus aduḃairt Íosa leis, Adeirim leat go fírinneaċ, an lá indiu, anoċt féin, sara nglaoḋfaiḋ an coileaċ an dara h‐uair, go séanfair mé fá ṫrí.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

30 Agus a duḃairt Iósa risean, A deirim riot go fírinneaċ, A niuġ, ann sa noiḋċe noċd féin, ní is táosga ná ġoirfeas an coileaċ fá ḋó, go séanfa tú mé trí húaire.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 14:30
17 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Duḃairt Íosa leis: Go deiṁin adeirim leat, anoċt féin, sar a nglaoiḋfiḋ an coileaċ, séanfair-se mise trí h-uaire.


Deiniḋ-se faire, d’á ḃríġ sin, (óir ní fios daoiḃ caṫain a ṫiocfaiḋ an tiġearna, um ṫráṫnóna, i lár na h-oiḋċe, ar ġlaodaċ an ċoiliġ, nó ar maidin)


Agus duḃairt Peadar leis: Bíoḋ go nglacfaidís go léir sgannal umat, ní ġlacfad-sa.


Aċ sin mar ba ḋéine do laḃair seisean: Dá gcaiṫinn dul ċun báis i n-aonḟeaċt leat ní ṡéanfad tú. Agus do laḃradar go léir ar an gcuma gcéadna.


Aċ duḃairt seisean: Deirim leat, a Ṗeadair, ná glaoiḋfiḋ an coileaċ indiu go séanair-se trí h-uaire aon aiṫne ḃeiṫ agat orm. Agus duḃairt sé leó:


D’ḟreagair Íosa é: Taḃarfair t’anam ar mo ṡon? Go deiṁin, deiṁin, adeirim leat, ní ġlaoḋfaiḋ an coileaċ sar a séanfair trí h-uaire mé.


Agus duḃairt cailín an doruis le Peadar: Náċ duine de ḋeisgiobulaiḃ an ḟir úd tusa, leis? Deir seisean: Ní h-eaḋ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ