Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 14:18 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

18 Agus nuair a ḃíodar ’n-a suiḋe agus ag iṫe, duḃairt Íosa: Go deiṁin a deirim liḃ, tá duine agaiḃ-se, atá ag iṫe am ṫeannta, agus díolfaiḋ sé mé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

18 Agus nuair a ḃí siad ina suiḋe agus ag caiṫeaṁ bíḋ, duḃairt Íosa: Amén adeirim liḃ, go mbraiṫfiḋ duine agaiḃ atá ag iṫe i mo ċuideaċta mé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 Agus nuair do ḃíodar ’n‐a suiḋe agus ag iṫe, aduḃairt Íosa, Adeirim liḃ go fírinneaċ, Atá duine agaiḃ‐se, atá ag iṫe im ḟoċair, agus braiṫfiḋ sé mé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

18 Agus an tan do ṡuiḋeadar agus do ċaiṫeadar bíaḋ, a duḃairt Iósa, A deirim riḃ go fírinneaċ, Go mbraiṫfi fear ḋíḃ misi noċ a tá ag iṫe bíḋ am ḟoċair.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 14:18
36 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus nuair a ḃíodar ag iṫe, duḃairt sé: Go deiṁin adeirim liḃ go ḃfuil duine agaiḃ atá ċun mé ḋíol.


Óir deirim liḃ go fírinneaċ, go dtí go dtéiḋ an spéir agus an talaṁ ar neaṁníḋ ná raġaiḋ aon ióta aṁáin ná aon ṗúnc aṁáin de’n dlíġ ar neaṁníḋ, go dtagaiḋ a h-iomláine ċun cinn.


Agus nuair a ḃeiḋ siḃ ag déanaṁ trosgaiḋ ná bíḋiḋ gruamḋa ar nós na ḃfeallairí; óir doirċiġid siad a gceannaċa, i dtreó go saṁlóċaḋ na daoine iad a ḃeiṫ ag déanaṁ trosgaiḋ. Go deiṁin adeirim liḃ, tá a dtuarasdal fáġalta acu.


D’á ḃríġ sin, nuair a ḃeiḋ déirc agat ’á ḋéanaṁ ná bíoḋ aḋarc d’á séideaḋ róṁat amaċ agat, mar a ḃíonn ag na feallairíḃ ins na sinagógaiḃ agus ar na sráidiḃ, i dtreó go dtaḃarfaḋ na daoine onóir dóiḃ. Go deiṁin adeirim liḃ, tá a dtuarasdal fáġalta acu.


Agus nuair a ḋéanfaiḋ siḃ úrnuiġṫe, ná bíḋiḋ mar na feallairí gur maiṫ leó úrnuiġṫe ḋéanaṁ ’n-a seasaṁ ins na sinagógaiḃ agus ag cúinníḃ na sráideana, i dtreó go ḃfeiceaḋ daoine iad. Go deiṁin adeirim liḃ, tá a dtuarasdal fáġalta acu.


Go deiṁin a deirim liḃ, an t-é ná glacfaiḋ ríġeaċt Dé ar nós leinḃ, ní raġaiḋ sé isteaċ ann.


Agus d’ḟreagair Íosa agus duḃairt. Go deiṁin adeirim-se liḃ-se, níl aon duine a ḋ’ḟágfaiḋ a ṫiġ, ná a ḋriṫáraċa, ná a ḋriféaraċa, ná a aṫair ná a ṁáṫair, ná a ċlann, ná a ċuid tailiṁ, ar mo ṡon-sa agus ar son an tsoisgéil,


Agus nuair a ḃí an traṫnóna ann ṫáinig sé i n-aonḟeaċt leis an dáréag.


Agus ṫáinig ḃuairt orṫa, agus ċromadar ar a ráḋ leis, ’n-a nduine a’s ’n-a nduine: An mise é?


Go deiṁin adeirim liḃ, ná h-ólfad feasda de’n toraḋ so na fíneaṁna go dtí an lá san ’n-a n-ólfad nua é i ríġeaċt Dé.


Go deiṁin adeirim liḃ: sé áit ’n-a gcraoḃsgaoilfar an soisgéal so ar fuid an doṁain go léir, neósfar ann, mar ċuiṁneaṁ uirṫi seo, an níḋ atá déanta aici.


Go deiṁin adeirim liḃ, maiṫfar do’n ċine daona gaċ peacaḋ agus gaċ diaṁasla d’á ndéanfaid siad;


Agus pé duine ná glacfaiḋ siḃ nó na h-éistfiḋ liḃ, imṫiġiḋ as an áit sin agus deiniḋ an ceó ċroṫaḋ d’ḃúr gcosaiḃ mar ḟiaḋnaise ’n-a gcoinniḃ.


Agus ḋein sé osna ’n-a spioraid, agus duḃairt sé: Cad ab áil leis an slioċt san ag lorg cóṁarṫa? Go deiṁin a deirim liḃ, ní taḃarfar cóṁarṫa do’n tslioċt san.


Agus i gceann sé lá do ṫóg Íosa leis Peadar agus Séamus agus Eóin agus do ṡeól sé iad, ’n-a n-aonar, suas ar ċnoc árd, fé leiṫ, agus d’aṫruiġ a ḋealḃ os a gcóṁair.


Agus aoinne ṫaḃarfaiḋ droċ-ṡampla do ḋuine de’n ṁuintir ḃeag so a ċreideann ionam-sa, b’ḟearra ḋó dá gcurtí bró ṁuilinn ar a ṁuineál agus é ċaiṫeaṁ sa ḃfaraige.


Ó ḟuil Ábeil go fuil Ṡacariais a marḃuiġeaḋ idir an altóir agus an teampal. Mar sin, adeirim liḃ, éileófar é ar an slioċt so.


Aċ féaċ, tá láṁ an t-é a ḋíolfaiḋ mé ar an mbórd am’ ṫeannta.


Agus duḃairt sé leó: Go deiṁin adeirim liḃ, ní glactar aoinne i n’ḟáiḋ ’n-a ḋúṫaiġ féin.


Agus duḃairt sé leis: Go deiṁin deiṁin adeirim liḃ, ċífiḋ siḃ na flaiṫis ar osgailt, agus aingil Dé ag dul suas agus ag teaċt anuas ar Ṁac an Duine.


Ní’lim ag laḃairt oraiḃ go léir; aiṫním na daoine a ṫoġas: Aċ ionus go gcóṁlíonfí an Sgríḃinn: An t-é a ḋ’iṫeann arán am’ ḟoċair árdóċaiḋ sé a ṡál am’ ċoinniḃ.


Nuair a ḃí an méid sin ráiḋte ag Íosa ṫáiniġ buaireaṁ spioraide air agus do ḋeiṁniġ sé, agus duḃairt sé: Go deiṁin, deiṁin, adeirim liḃ, déanfaiḋ duine agaiḃ-se mise ṫaḃairt i láiṁ.


D’ḟéaċ na deisgiobuil ar a ċéile agus mearḃall orṫa i dtaoḃ cé air gur laḃair sé.


D’ḟreagair Íosa é: Taḃarfair t’anam ar mo ṡon? Go deiṁin, deiṁin, adeirim leat, ní ġlaoḋfaiḋ an coileaċ sar a séanfair trí h-uaire mé.


Go deiṁin, deiṁin, adeirim leat, nuair a ḃís níb’ óige, ċurṫá féin do ċrios umat agus do ṡiúḃalṫá sa n-áit ba ṫoil leac; aċ nuair a ċríonóċair, sínfir amaċ do láṁa agus cuirfiḋ duine eile do ċrios umat agus seólfaiḋ sé ṫu sa n-áit náċ toil leat.


Go deiṁin deiṁin adeirim leat, an níḋ atá ar eólus againn gur b’é adeirimíd, agus an níḋ a ċonacamair gur b’air a ḋeinimíd fiaḋnaise, agus ní ġlacann siḃ an ḃfiaḋnaise.


Duḃairt Íosa leis ’ġá ḟreagraḋ: Go deiṁin deiṁin adeirim leat, mura mbéarfar duine an tarna h-uair, ní féidir dó ríġeaċt Dé a d’ḟeisgint.


Duḃairt Íosa ’ġá ḟreagraḋ: Go deiṁin adeirim leat, mura n-aiṫġeintear duine ó uisge agus ó’n Spioraid Naoṁ, ní féidir é ḋul isteaċ i ríġeaċt Dé.


Aċ d’ḟreagair Íosa agus duḃairt se leó: Go deiṁin deiṁin adeirim liḃ, ní féidir do’n Ṁac aon níḋ a ḋéanaṁ aċ an níḋ a ċíonn sé ag an Aṫair ’á ḋéanaṁ; óir pé neiṫe a ḋeineann seisean deineann an Mac, leis, iad ar an gcuma gcéadna.


D’ḟreagair Íosa iad agus duḃairt sé: Go deiṁin deiṁin adeirim liḃ, táṫaoí a’m lorg-sa, agus ní mar ġeall ar na mírḃúiltíḃ a ċonacaḃair é, aċ mar ġeall ar na bulógaiḃ a ḋ’iṫeaḃair agus do ṡásaiṁ siḃ.


Ansan duḃairt Íosa leó: Go deiṁin deiṁin adeirim liḃ, ní h-é Maois a ṫug arán ó neaṁ daoiḃ, aċ isé m’ Aṫair-se a ṫugann ḋaoiḃ an t-arán fírinneaċ ó neaṁ.


Go deiṁin deiṁin adeirim liḃ, An t-é a creideann ionam-sa tá an ḃeaṫa ṡíoruiḋe aige.


Agus creidimíd-ne agus tá ḟios againn gur tu Críost Mac Dé.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ