Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 13:35 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

35 Deiniḋ-se faire, d’á ḃríġ sin, (óir ní fios daoiḃ caṫain a ṫiocfaiḋ an tiġearna, um ṫráṫnóna, i lár na h-oiḋċe, ar ġlaodaċ an ċoiliġ, nó ar maidin)

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

35 Déanaigiḋ faire, dá ḃríġ sin, (óir ní ḟuil a ḟios agaiḃ cá h-uair a ṫiocfas fear an tiġe, an tráṫnóna, nó meaḋón oiḋċe, nó ag scairt an ċoiliġ, nó ar maidin),

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

35 Déanaiḋ‐se faire, d’á ḃriġ sin: óir ní ḟuil a ḟios agaiḃ cé an uair ṫiocfas fear an tiġe, um ṫráṫnóna, nó um uair an ṁeaḋon‐oiḋċe, nó ar ġlaoḋaċ an ċoiliġ, nó ar maidin;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

35 Ar a naḋḃarsin déannuiḋsi fáire: (oír ní ḃfuil a ḋios aguiḃ gá ham ṫiocfas fear an tiġe, an tráṫ nóna, nó a meaḋón oiḋċe, nó a ngairm an ċoiliġ, nó air maidin:)

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 13:35
8 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus sa ċeaṫraṁaḋ faire de’n oiḋċe táinig sé ag triall orṫa agus é ag siúḃal ar an ḃfaraige.


Deiniḋ faire, d’á ḃríġ sin; mar ní fios daoiḃ cad é an uair a ṫiocfaiḋ ḃúr dTiġearna.


Aċ bíoḋ ḟios an méid seo agaiḃ, dá mbeaḋ ḟios ag fear an tiġe cad é an uair a ḃeaḋ an biṫeaṁnaċ le teaċt, go deiṁin do ḋéanfaḋ sé faire, agus ní leigfeaḋ sé a ṫiġ do ḃriseaḋ isteaċ.


D’á ḃríġ sin, bíḋiḋ-se, leis, ollaṁ, mar an uair náċ eól daoiḃ iseaḋ atá Mac an Duine le teaċt.


Tugaiḋ aire, deiniḋ faire agus úrnuiġṫe; óir ní fios daoiḃ caṫain a ḃeiḋ an t-am ann.


Agus an rud a deirim liḃ-se deirim le gaċ aoinne é: Deiniḋ faire.


Agus duḃairt Íosa leis: Go deiṁin adeirim leat, sa lá so againn, anoċt féin, séanfair mé fó ṫrí sar a nglaoiḋfiḋ an coileaċ an tarna h-uair.


Agus ċonaic sé iad ar a ndíċeall ag ráṁaíḋeaċt, mar ḃí an ġaoṫ ’n-a gcoinniḃ; agus tímpal na ceaṫraṁaḋ faire de’n oiḋċe ṫáinig sé ċúċá agus é ag siuḃal ar an ḃfaraige, agus ṁeas sé gaḃáil ṫórsa.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ