Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 13:11 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

11 Agus nuair a ṫaḃarfaid siad leó siḃ ċun siḃ a ṫaḃairt ar láiṁ, ná bacaiḋ a ḃreiṫniú roim ré cad déarfaiḋ siḃ; aċ an rud a taḃarfar daoiḃ an uair sin, abraiḋ é; óir ní siḃ-se a laḃrann, aċ an Spioraid Naoṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

11 Agus nuair a ḃéarḟas siad leo siḃ ċun siḃ a ṫaḃairt ar láiṁ, ná bígiḋ ag meaḃruġaḋ roiṁ ré cad é déarḟas siḃ, aċt an rud a ḃéarfar díḃ an uair sin, abraigiḋ é; óir ní siḃ-se a laḃras, aċt an Spiorad Naoṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Agus nuair ḃéas siad ’g‐ḃúr dtaḃairt ċum daorṫa, agus nuair ṫiuḃras siad ar láiṁ siḃ, ná cuireaḋ sé imniḋe oraiḃ roiṁ ré créad adéarfas siḃ: aċt an niḋ do‐ḃéarṫar daoiḃ ’n‐a am féin, abraiḋ é: óir ní siḃ‐se laḃras, aċt an Spiorad Naoṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

11 Agus an tan ḃéuruid síad a láiṁ, agus ṫaḃrid súas siḃ, na bioḋ na roċás oruiḃ roiṁe láíṁ créd a déurṫáoi, agus ná smúainiḋ air: aċd giḋ bé ní do ḃéarṫar ar a núairsin díḃ, abruiḋ é: oír ní siḃsi laḃrus, aċd an Spiorad Náoṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 13:11
25 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċ seaċnaiḋ siḃ féin ar na daoine. Óir, taḃarfid siad ar láiṁ siḃ, ins na cóṁairlíḃ agus sgiúrsálfaid siad siḃ i n-a sinagógaiḃ;


Óir déanfaiḋ an driṫáir feall báis ar a ḋriṫáir, agus an t-aṫair ar a ṁac; agus eireóċaiḋ an ċlann i n-aġaiḋ a n-aṫar agus a máṫar, agus imireóċaid siad bás orṫa.


Aċ féaċaiḋ ċúġaiḃ féin. Óir taḃarfaid siad i láṫair na gcóṁairlí siḃ, agus sgiúrsálfar siḃ ins na sinagógaiḃ, agus seasóċaiḋ siḃ i láṫair ríġṫe agus uaċtarán mar ġeall orm-sa, mar ḟiaḋnaise ḋóiḃ-sin.


Aċ roim ṫeaċt do sna neiṫiḃ sin go léir cuirfid siad a láṁa oraiḃ-se agus cráḋfaid siad siḃ, ag ḃúr mbreiṫ i láṫair na sinagóg, agus ins na prísúnaiḃ; ag ḃúr dtarang i láṫair ríġṫe agus i láṫair uaċtarán, mar ġeall ar m’ainim-se.


D’ḟreagair Eóin agus duḃairt sé: Ní féidir do ḋuine aon níḋ do ġlacaḋ mura dtugtar dó é ó neaṁ.


agus do líonaḋ iad go léir de’n Spioraid Naoṁ agus ċromadar ar laḃairt i dteangṫaċaiḃ iolarḋa, fé mar a ṫug an Spioraid Naoṁ dóiḃ laḃairt.


Dia Ábraham agus Dia Isaac agus Dia Iácóib, Dia ár sínsear, a ṫug glóire d’á Ṁac Íosa, an té a ḋeineaḃairse a ḃraṫ agus do ṡéanad i láṫair Ṗíláit, agus eisean ag taḃairt saorḃreiṫe air.


Agus nuair a ḃí an ġuíḋe déanta acu do ċriṫ an áit ’na raḃdar cruinniġṫe agus do líonaḋ leis an Spioraid Naoṁ iad go léir agus do laḃradar briaṫar Dé le seasaṁaċt aigne.


Agus ní raḃdar áḃalta ar ṡeasaṁ i n-aġaiḋ na h-eagna agus i n-aġaiḋ na spioraide le n-a laḃrad sé.


Agus ḃí luċt na cóṁairle ag féaċaint go dlúṫ air agus ċonnacadar go raiḃ a ġnúis mar a ḃeaḋ gnúis aingil.


Aċ ḃí sé lán de’n Spioraid Naoṁ agus d’ḟéaċ sé suas ins na flaṫais agus ċonnaic sé glóire Dé agus Íosa ’n-a ṡeasaṁ an ḋeasláiṁ Dé, agus duḃairt sé: Féaċ ċím na flaṫais ar osgailt agus Mac an Duine ’n-a ṡeasaṁ ar deasláiṁ Dé.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ