Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 12:34 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

34 Agus nuair a ċonaic Íosa gur ḟreagair sé go ciallṁar, duḃairt sé leis: Ní’lir-se aḃfad ó ríġeaċt Dé. Agus mór leóṁaiġ aoinne é ċeisdiú as san amaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

34 Agus nuair a ċonnaic Íosa gur ḟreagair sé go tuigseaċ duḃairt sé leis: Ní ḟuil tusa i ḃfad ó ríoġaċt Dé. Agus ní raiḃ sé de ḋánaċt i n-aoinneaċ feasta ceist a ċur air.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

34 Agus nuair do ċonnaic Íosa gur ḟreagair sé go ciallṁar, aduḃairt sé leis, Ní ḟuilir‐se i ḃfad ó ríoġaċt Dé. Agus níor láṁ aon duine ceist do ċur air as sin amaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

34 Agus an tan do ċonnairc Iósa gur ṫuigseaċ do ḟreagair sé, a duḃairt sé ris, Ní fada ó ḟlaiṫeas Dé atá tú. Agus níor laṁ éinneaċ ó sin súas ceisd do ċur air.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 12:34
10 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċ ḃí a ḟios san ag Íosa, agus d’imṫiġ sé as an áit sin; agus do lean mórán daoine é, agus do leiġis sé iad go léir.


Ní ḃrisfiḋ sé an cuaile leóinte, agus ní ṁúċfaiḋ sé an líon go ḃfuil an deataċ as, go dtí go gcuirfiḋ sé amaċ breiṫeaṁantas ċun buaiḋte.


Agus ní raiḃ oiread agus focal ag aoinne le ráḋ ’ġá ḟreagra; agus ó’n lá san amaċ níor leóṁaiḋ aoinne é ċeisdiú a ṫuille.


A Ṁáiġistir, is maiṫ aduḃraís é. Agus as san amaċ níor leóṁaiġ aoinne acu aon ċeist do ċur ċuige.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ