Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 12:24 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

24 Agus d’ḟreagair Íosa agus duḃairt sé leó: Nác é atá ’búr gcur amú gan eólus a ḃeiṫ agaiḃ ar an scriptiúir, ná ar ċóṁaċtaiḃ Dé?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

24 Agus duḃairt Íosa leo, ġá ḃfreagairt: Naċ ḃfuil seaċrán oraiḃ, ar an aḋḃar naċ eol díḃ na Scrioptúirí ná cuṁaċt Dé?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 Aduḃairt Íosa leo, Naċ é an t‐aḋḃar atá ag ḃúr gcur amuġa, gan eolas do ḃeiṫ agaiḃ ar na scrioptúiriḃ, ’ná ar ċuṁaċt Dé?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

24 Agus ar ḃfreagra Díosa a duḃairt sé riú, Naċ uime so a tá siḃ ar seaċrán, tré náċ ḃfuil éolus na sgriobtúiriġ aguiḃ, na cuṁaċd Dé?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 12:24
25 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

D’ḟreagair Íosa, agus duḃairt sé leó: Táṫaoi ag dul amú’ toisg gan eólus a ḃeiṫ agaiḃ ar an Scriptiúir ná ar ċóṁaċtaiḃ Dé.


Agus d’ḟéaċ Íosa orṫa, agus duḃairt: Ní’l san ar ċumas daoine, aċ tá sé ar ċumas Dé; óir is féidir le Dia gaċ níḋ a ḋéanaṁ.


D’á ḃríġ sin, nuair ṫiocfaiḋ an aiseiriġe, agus nuair a ḋ’eireóċaid siad go léir, cé ’cu ḋíoḃ gur leis an ḃean? Óir ḃí sí ’n-a mnaoi ag an mórṡeisear.


Óir, nuair a ḋ’eireóċaid siad ó sna mairḃ ní ḃeiḋ pósaḋ ná taḃairt le pósaḋ feasta, aċ beid siad ar nós na n-aingeal ins na flaṫais.


Óir ní ḃeiḋ ráḋ ar biṫ náċ féidir do Ḋia.


Óir níor ḃ’ḟios fós dóiḃ an scriptiúir, nár ḃ’ḟoláir é ḋ’eiriġe ó sna mairḃ.


Cuardaiġtear na scriptiúirí, óir is dóiġ liḃ gur ionta atá beaṫa ṡíoruiḋe le faġáil; agus isiad san a ṫugann fiaḋnaise am’ ṫaoḃ-sa.


Agus ḃíodar so níos uaisle ’ná muinntir Ṫesaloníca, agus do ġlacadar an briaṫar le lán-díogras, agus ḃídís coitċianta ag cuardaċ na Scriptiúiri féaċaint an mbíoḋ san aṁlaid.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ