Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 11:4 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Agus d’imṫiġeadar, agus fuaradar an searraċ ceangailte ag dorus, ar an dtaoḃ amuiġ, i gcóṁrac dá slíġe; agus do sgaoileadar é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

4 Agus ar imṫeaċt dóiḃ fuair siad an searraċ ceangailte amuiġ ag an ġeafta i gcóṁrac ḋá ḃóṫar, agus scaoil siad é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Agus d’imṫiġeadar, agus fuaradar an searraċ ceangailte ag an doras amuiġ sa tsráid; agus do scaoileadar é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 Aċd do imṫiġeadarsan, agus fúaradar an searraċ ceangailte ag an dorus don táoiḃ a muiġ a ccoṁrug ḋá ṡliġeaḋ; agus do sgáoileadar é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 11:4
8 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus duḃairt sé leó: Téiġiḋ isteaċ sa ḃaile sin os ḃúr gcóṁair, agus ġeoḃaiḋ siḃ ann gan ṁoill láir asail agus í ceangailte, agus searraċ ’n-a teannta; sgaoiliḋ í agus tugaiḋ ċuġam iad.


Agus ḋein na deisgiobuil mar a ḋ’órduiġ Íosa ḋóiḃ, agus d’ollaṁuiġeadar an Ċáisg.


Agus má deir aoinne liḃ, Cad é sin agaiḃ ’á ḋéanaṁ? abraiḋ: Teastuiġeann sé ó’n dTiġearna; agus leigfiḋ sé liḃ é, gan stad, anso.


Agus duḃairt cuid d’a raiḃ ’n-a seasaṁ ann: Cad ab áil liḃ ag sgaoileaḋ an tsiorraiġ?


Agus duḃairt an ṁáṫair leis na seirḃísiġ: Pé rud a déarfaiḋ sé liḃ a ḋéanaṁ, deiniḋ é.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ