Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 11:23 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

23 Go deiṁin a deirim liḃ, an t-é a déarfaiḋ leis an gcnoc so: Tógtar ṫu agus caiṫtear sa ḃfaraige ṫu, agus ná staonfaiḋ sé ’n-a ċroiḋe, aċ go gcreidfiḋ sé go ndéanfar an rud adeir sé, déanfar é ḋó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

23 Amén adeirim liḃ, cibé a déarfas leis an tsliaḃ seo: Tógtar agus caiṫtear san ḟairrge ṫú, agus naċ staonfaiḋ ina ċroiḋe, aċt ċreidfeas go ndéanfar cibé ar biṫ a déarfas sé, ḋéanfar dó é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

23 Adeirim liḃ go fírinneaċ, Cibé duine adéarfas leis an sliaḃ so, Tógtar ṫú, agus caiṫtear ṫú sa ḃfairrge, gan aon aṁras do ḃeiṫ ’n‐a ċroiḋe aige, aċt go gcreideann sé go dtiocfaiḋ an niḋ adeir sé ċum críċe; béiḋ sé aige.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

23 Oír go fírinneaċ a deirimsi riḃ, Giḋ bé neaċ a déura ris an tslíaḃ so, Togṫar ṫú, agus teilgṫear ann sa ḃfairrge ṫú; agus náċ bía cunntaḃáirt aige an a ċroiḋe, aċd go gcreide sé go dtiucfaid na neiṫe a deir sé ċum críċe; teigéuṁaiḋ ḋó gaċ ní a déura sé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 11:23
11 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus nuair airiġ Íosa é, d’imṫiġ sé ó’n áit sin, i luing ḃig, isteaċ i ḃfásaċ uaigneaċ; agus nuair a ḋ’airiġ na daoine san, do leanadar é ’n-a gcuis as na caṫaraċaiḃ.


Aċ ní curtar amaċ an sórd so aċ le h-úrnuiġṫe agus le trosgaḋ.


Agus d’ḟreagair Íosa agus duḃairt sé leó: Go deiṁin adeirim liḃ, má ḃíonn creideaṁ agaiḃ, agus ná staonfaiḋ siḃ, déanfaiḋ siḃ, ní h-aṁáin an níḋ seo an ċrainn fíge, aċ má deireann siḃ leis an gcnoc so, Tóg agus caiṫ ṫu féin isteaċ sa ḃfaraige, déanfar é.


Agus duḃairt an Tiġearna: Dá mbeaḋ oiread gráinne mustáird de ċreideaṁ agaiḃ, déarfaḋ siḃ leis an gcrann sícamín seo, Tógtar as do ṗréaṁaċaiḃ ṫú agus curtar sa ḃfaraige ṫu, agus ḋéanfaḋ sé rud oraiḃ.


Agus pé rud a ḋ’iarrfaiḋ siḃ ar an Aṫair am’ ainim-se déanfad-sa an rud san, i dtreó go ḃfaġaiḋ an t-Aṫair glóire sa Ṁac.


Má ḟanann siḃ ionam-sa, agus má ḟanaid mo ḃréiṫre ionaiḃ, iarrfaiḋ siḃ pé níḋ is maiṫ liḃ, agus déanfar daoiḃ é.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ