Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 11:18 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

18 Agus ḃí uaċtaráin na sagart agus na Sgríḃneóirí ag éisteaċt leis, agus ḃíodar ag maċtnaṁ féaċaint conus a ṫiocfaidís ar é ṁarḃú; óir ḃí eagla acu roimis, mar ḃí na daoine go léir ag déanaṁ iongna d’á ṫeagasg.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

18 Nuair a ċuala uaċtaráin na sagart agus na Scríoḃaiḋṫe sin, ḃí siad ar lorg sliġe ċun é ċur ċun báis; aċt ḃí eagla orṫa roiṁe, óir ḃí an sluaġ uilig ag déanaṁ iongantais dá ṫeagasc.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 Agus do‐ċuala uaċtaráin na sagart agus na scríoḃaiḋṫe é, agus do ḃíodar ag iarraiḋ caoi d’ḟáġáil le n‐a ṁilleaḋ: óir do ḃí eagla orṫa roiṁe, de ḃriġ go ndearna an sluaġ uile iongnaḋ d’á ṫeagasc.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

18 Agus do ċúaladar na sgríobuiḋe agus uaċdárain na sagart so, agus do ḃádar ag íarruiḋ cionnus do ṁilltidís é: Oír do ḃi eagla orrṫa roiṁe, do ḃríġ go raiḃ iongantus ag an tslúaġ uile an a ṫeagasg.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 11:18
26 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus nuair a ċonaic uaċtaráin na sagart, agus na Sgríḃneóirí, na h-iongnaí a ḋein sé, agus an t-aos óg sa teampul ag liúiriġ, Hósanna do Ṁac Dáiḃid; ṫáinig fearg orṫa.


Agus do ṫárla nuair a ḃí an ċaint sin críoċnuiġṫe ag Íosa go raiḃ na daoine ag déanaṁ iongna d’á ṫeagasg.


Agus do ċuir a ṫeagasg iongna orṫa, mar do ṫeagaisg sé mar duine go raiḃ coṁaċt aige, murar ḃ’ionan a’s na Sgríḃneóirí.


Agus má deirimíd gur ḃ’ ó ḋaoine é, is baoġal dúinn an pobul; óir, dar leis na daoine, fáiḋ dáiríriḃ ab eaḋ Eóin.


Agus ḃíodar a d’iarraiḋ beirṫe air, aċ ḃí eagla acu roimis an bpobul; óir ḃí ḟios acu gur ċúċa féin a ḃí sé sa tsoluíd sin. Agus d’ḟágadar é agus d’imṫíġeadar.


Agus d’imṫiġ na Fairisíniġ amaċ láiṫreaċ agus ċuadar féin agus muintir Héróid i gcóṁairle ’n-a ċoinniḃ féaċaint conus a ṫiocfaḋ leó é ṁilleaḋ.


Óir ḃí eagal ar Héród roim Eóin, mar ḃí ḟios aige gur ḋuine naoṁṫa, fíoraonta é, agus ḃí sé ’ġá ċoimeád, agus ḋeineaḋ sé a lán neiṫe ar a ċóṁairle, agus ṫugaḋ sé cluas dó go toilteanaċ.


Agus ḃí sé ag teagasg; sa teampul gaċ lá. Agus ḃí uaċtaráin na sagart agus na Sgríḃneóirí agus na h-uaisle a d’iarraiḋ é ċur ċun báis,


Agus ḃí iongna ar a raiḃ ag éisteaċt leis, mar ġeall ar a ġuntaċt agus ar na freagraí a ṫugaḋ sé.


Agus ḃí uaċtaráin na sagart agus na Sgríḃneóirí a d’iarraiḋ a láṁ do ċur air láiṫreaċ, aċ ḃí eagla na ndaoine orṫa; óir ḃí ḟios acu gur ċúċa féin an tsoluíd a laḃair sé.


Agus ṫugadar go léir fiaḋnuise ḋó; agus dob’ iongna leó an grásta a ḃí sa ċaint a ḃí ag teaċt as a ḃéal, agus deiridís: Náċ é mac Ióseiṗ é seo?


I n-a ḋiaiḋ san do ṡiuḃluiġeaḋ Íosa sa Ġaililí, óir níor ḃ’áil leis siuḃal i nIúḋaéa toisg na Iúdaiġ a ḃeiṫ a d’iarraiḋ é ċur ċun báis.


Nár ṫug Maois an dlíġ ḋaoiḃ-se, agus ní ċóṁlíonann aoinne agaiḃ an dlíġ?


Agus duḃairt na h-oificeaċa leó: Níor laḃair aon duine riaṁ mar a laḃrann an duine seo.


Agus ḃí sé ag léiriú ḋó ar ċeart agus ar ġeanmnaiḋeaċt, agus ar an mḃreiṫeaṁantas atá le teaċt, agus ṫáinig criṫeagla ar Ḟéilics agus duḃairt sé: Imṫiġ anois, aċ nuair a ḃeid caoi agam cuirfead fios ort.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ