Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 11:13 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

13 Agus ċonaic sé, aḃfad uaiḋ, crann fíge agus duilleaḃar air, agus ṫáinig sé ag féaċaint an ḃfaġaḋ sé aon níḋ air. Agus nuair a ṫáinig sé ní ḃfuair sé aon níḋ air aċ na bileóga, mar ní raiḃ aimsir na ḃfígí tagaiṫe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

13 Agus nuair a ċonnaic sé i ḃfad uaiḋ crann fíge a raiḃ duilleogaí air, ṫáinic sé a ḟéaċaint an ḃfuiġeaḋ sé aon níḋ air; agus nuair a ṫáinic sé ḟad leis, ní ḟuair sé dadaṁ aċt duilleogaí; óir ní raiḃ séasúr na ḃfígí ann.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Agus do ċonnaic sé i ḃfad uaiḋ crann fige agus duilleaḃar air, agus ṫáinig sé d’ḟéaċain an ḃfuiġeaḋ sé aon niḋ air: agus nuair ṫáinig sé ċuige, ní ḟuair sé aċt duilleoga air; óir ní raiḃ séasúr na ḃfige ann.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

13 Agus an tan do ċonnairc sé crann fíge a ḃfad úaḋ ar a raiḃ duilleaḃar, táinic sé, ḋá ḟéuċain an ḃfuiġeaḋ sé éin ní air: agus an tan ṫáinic sé ċuige, ní ḃfúair sé éin ní aċd na duilléoga; óir nír ḃí aimsir na ḃfigiḋe í.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 11:13
10 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus ċonaic sé crann fíge i n-aice an ḃóṫair, agus ṫáinig sé ċuige, agus ní ḃfuair sé aon níḋ air aċ duilleaḃar, agus duḃairt sé leis: Nár ḟásaiḋ toraḋ ar so amaċ go bráṫ ort-sa. Agus d’ḟeóċ an crann fíge láiṫreaċ.


Agus an lá n-a ḋiaiḋ san, agus iad ag teaċt ó Ḃetánia, ḃí ocras air.


Agus d’ḟreagair sé agus duḃairt sé leis an gcrann: As so amaċ go bráṫ airís nár iṫiḋ duine toraḋ uait-se. Agus d’airiġ a ḋeisglobuil é.


Agus do ṫárla go raiḃ sagart ag gaḃáil síos an bóṫar céadna, agus ċonaic sé an duine, agus ḃuail sé ṫairis.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ