Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 10:52 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

52 Agus duḃairt Íosa leis: Imṫiġ leat, do ṡlánuiġ do ċreideaṁ ṫu. Agus ḃí raḋarc aige láiṫreaċ, agus do lean sé é sa tslíġ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

52 Agus duḃairt Íosa leis: Imṫiġ, rinne do ċreideaṁ slán ṫú. Agus fuair sé aṁarc na súl ar an ḃomaite, agus lean sé é ar an ḃealaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

52 Agus aduḃairt Íosa leis, Imṫiġ leat, do ṡlánuiġ do ċreideaṁ ṫú. Agus ar an láṫair ṫáinig a raḋarc dó, agus do lean sé é sa tsliġe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

52 Agus a duḃairt Iósa ris, Imṫiġ; do ṡlánuiġ do ċreideaṁ ṫú. Agus ar an mball fuair sé a raḋarc, agus do lean sé Iósa sa tsliġe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 10:52
22 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Tá raḋarc ag daill; tá siúḃal ag bacaiġ; glantar na loḃair; tá éisteaċt ag daoine a ḃí boḋar; Eiriġid na mairḃ; Tá an Soisgéal d’á ṫeagasg dos na boċtaiḃ.


Ansan do tugaḋ ċuige duine go raiḃ deaṁan ann, agus ḃí sé dall agus balḃ; agus do leiġis sé é, i dtreó go raiḃ raḋarc agus urlaḃra aige.


Ansan d’ḟreagair Íosa agus duḃairt sé léi: A ḃean, is mór é do ċreideaṁ. Deintear duit mar is mian leat. Agus do slánuiġeaḋ a h-inġean ó’n uair sin.


Agus ṫáinig na daill agus na bacaiġ ċuige sa teampul, agus do leiġis sé iad.


Agus do ṡín Íosa a láṁ agus ċuir sé air í, agus duḃairt sé; Is áil liom é: glantar ṫú. Agus do glanaḋ láiṫreaċ é ó n-a loḃra.


D’iompuiġ Íosa, áṁṫaċ, agus ċonaic sé í, agus duḃairt sé: Glac misneaċ, a ’ġnín ó; do ṡlánuiġ do ċreideaṁ ṫu. Agus ḃí an ḃean leiġiste ó’n uair sin amaċ.


Agus ṫáinig sé agus do rug sé ar láiṁ uirṫi agus ṫóg sé suas í, agus d’imṫiġ an fiaḃras di láiṫreaċ, agus ḋein sí frioṫálaṁ orṫa.


Agus duḃairt seisean léi: A ’nġean ó, do ṡlánuiġ do ċreideaṁ ṫú. Imṫiġ i síoṫċáin, agus bí slán ó’n ngearán.


Ansan do ċuir sé a láṁ airís ar a ṡúiliḃ, agus ċrom an duine ar ḟéaċaint suas, agus mar sin ṫáinig raḋarc dó i dtreó go ḃfeacaiḋ sé gaċ níḋ go soiléir.


Agus duḃairt seisean leis an mnaoi: Do ṡlánuiġ do ċreideaṁ ṫu; imṫiġ i síoṫcáin.


Agus duḃairt sé leó-san: An t-é a ġlacfaiḋ an leanḃ san am’ ainim-se glacann sé mise; agus an t-é a ġlacfaiḋ mise glacann sé an t-é do ċuir uaiḋ mé; óir an t-é is lúġa agaiḃ go léir isé is mó.


Níor h-airiġeaḋ riaṁ ó ṫusaċ an doṁain gur osgail aoinne a ṡúile do ḋuine a rugaḋ ’n-a ḋall.


Agus duḃairt Íosa: Ag taḃairt breiṫeaṁantais a ṫánag-sa ar an saoġal so; i dtreó go ḃfeicfeaḋ an ṁuintir ná feiceann, agus go ndallfaí an ṁuintir a ċíonn.


Ċun a súl a osgailt dóiḃ ionus go n-iompóċaidís ó’n ndoirċeaċt ċun an tsoluis agus ó ċóṁaċt Ṡátain ċun Dé, ionus go ḃfaiġdís maiṫeaṁnaċas peacaí agus inead ameasg naoṁ tríd an gcreideam atá ionamsa.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ