Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 10:47 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

47 Agus nuair airiġ sé gur ḃ’é Íosa Nasareit a ḃí ann, ċrom sé ar ġlaoḋaċ agus ar a ráḋ: A Íosa, a Ṁic Dáiḃid, dein trócaire orm.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

47 Agus nuair a ċuala sé gurḃ é Íosa as Nasair a ḃí ann, ṫoisiġ sé a scairtiġ agus a ráḋ: A Íosa, a Ṁic Ḋáiḃiḋ, déan trócaire orm.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

47 Agus nuair do‐ċuala sé gurḃ é Íosa Nasarḋa do ḃí ann, do ṫosnuiġ sé ar ġlaoḋaċ, agus ar a ráḋ, A Íosa, a ṁic Ḋáiḃi, déan trócaire orm.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

47 Agus an tan do ċúaliuiḋ sé gur be Iósa Nasarḋa do ḃí ann, do ṫionnsgain sé éiġṁe, agus a ráḋ, A Iósa ṁic Ḋaiḃí, déana trócaire orum.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 10:47
24 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Leaḃar geinealaiġ Íosa Críost ṁic Dáiḃid mic Ábrahaim.


Agus ṫáinig uaṫḃás ar na sluaiġtiḃ go léir, agus deiridís: An féidir gur b’é seo mac Dáiḃid?


Agus féaċ, ṫáinig bean ó Ċanaan amaċ as na críoċaiḃ sin, agus do ġlaoiḋ sí: A Ṫiġearna, a Ṁic Dáiḃid, fóir orm! ar sisi; Tá m’inġean d’á ciapaḋ go cruaiḋ ag deaṁan.


Agus ṫáinig sé ċun cóṁnuiġṫe sa ḃaile ar a dtugtar Nasaret, ionus go gcóṁlíonfaí an níḋ aduḃairt na fáiḋe: Óir taḃarfar Nasarénaċ air.


Agus féaċ, ḃí beirt dall ’n-a suiḋe i n-aice an ḃóṫair, agus d’airiġeadar gur ḃ’é Íosa a ḃí ag gaḃáil ann, agus do liúġadar: A Ṫiġearna, ar siad; déin trócaire orainn, a Ṁic Dáiḃid.


Agus deireaḋ na daoine: Sidé Íosa an fáiḋ ó Nasaret Ġaililí.


Agus an tsluaġ a ḃí lasmuiġ agus lastiar ḃíodar ag liúiriġ, agus deiridís: Hósanna do Ṁac Dáiḃid; Molaḋ do’n t-é atá ag teaċt i n-ainim an Tiġearna; Hósanna go lán árd.


Agus ḃí sé ag gaḃáil an dorus amaċ, agus ċonaic cailín eile é, agus duḃairt sí leis na daoine a ḃí láiṫreaċ: Ḃí sé seo, leis, i ḃfoċair Íosa, an Nasarénaċ.


Agus nuair a ḃí Íosa ag imṫeaċt as an áit sin do lean beirt dall é agus iad ag liúiriġ, agus deiridís, Dein trócaire orainne a Ṁic Dáiḃid.


Cad í an ḃaint atá agatsa agus againne le n-a ċéile, a Íosa Nasareit? ar seisean. An ċun sinn a ṁilleaḋ a ṫáinís annso? Tá ḟios agam cé h-é ṫu, Aon Naoṁṫa Dé.


Agus ṫáinig sé go Nasaret mar ar h-oileaḋ é, agus ċuaiḋ sé, mar ba ġnáṫ leis, lá na sabbóide, isteaċ sa tsinagóig, agus d’eiriġ sé ’n-a ṡeasaṁ ċun léiġṫeóireaċta ḋéanaṁ.


Agus duḃairt Natanaél: An féidir aon níḋ fóġanta ṫeaċt ó Nasaret? Deir Pilib leis, Tar agus feic.


Agus do sgríḃ Pílát teidiol, agus ċuir sé ar an gcrois é. Agus ḃ’ e seo an sgríḃinn: ÍOSA NASARÉNAĊ RÍ NA N-IÚDAĊ.


Duḃairt tuille acu: Isé an Críost é seo. Agus duḃairt raint acu: An ó Ġaililí atá Críost ag teaċt?


D’ḟreagradar agus duḃradar leis: An aṁlaiḋ is Gaililiaċ tusa leis? Cuardaiġ an Sríḃinn, agus ċífir ná h-eiriġeann fáiḋ a’ Gaililí.


Óir d’airiġmair é ’ġá ráḋ so: Déanfaiḋ Íosa so Nasareit léirsgrios ar an áit seo agus cuirfiḋ sé aṫarú ar na nósa a ṫug Maois dúinn.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ