Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 10:33 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

33 Féaċ, támíd ag dul suas go Ierúsalem, agus taḃarfar Mac an Dúine suas d’uaċtaránaiḃ na sagart, agus do sna Sgríḃneóiriḃ, agus dos na seanóiriḃ, agus daorfaid siad ċun báis é, agus taḃarfaid siad suas do sna geintiḃ é;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

33 Féaċ, támuid ag dul suas go h-Ierusalem, agus ḃéarfar Mac an Duine suas do uaċtaráin na sagart, agus do na Scríoḃaiḋṫe agus na seanóirí, agus daorfaid siad ċun báis é, agus ḃéarfaiḋ siad suas do na ciniḋeaċa é,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

33 ’g‐a ráḋ, Féaċaiḋ, atámuid ag dul suas go h‐Iarúsalem; agus do‐ḃéarfar Mac an Duine d’uaċtaránaiḃ na sagart, agus do na scríoḃaiḋṫiḃ; agus daorfaid‐sean ċum báis é, agus do‐ḃéarfaid do na Págánaċaiḃ é:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

33 Oír féuċ, a tamaóid ag dul súas go Híarusaléim; agus do ḃéarṫar Mac an duine dúaċdaranuiḃ na sagart, agus do na sgríobuiḋiḃ; agus béuruid breiṫ ḃáis air, agus do ḃéaruid do na Cineaḋaċuiḃ é:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 10:33
23 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ansan do ṫosnuiġ Íosa ar a ṫaisbeáint d’á ḋeisgiobuil nár ḃfoláir é féin a ḋul go Ierúsalem agus mórán d’ḟulang ós na sínsearaiḃ agus ós na Sgníḃ-neóiríḃ agus ó uaċtaránaiḃ na sagart, agus a ċur ċun báis, agus a aiseiriġe an tríṁaḋ lá.


Cad a ċítear daoiḃ? Agus duḃradar san ’ġá ḟreagra: Tá ḃás tuillte aige.


Agus ṫugadar leó é gaḃṫa, agus ṫugadar suas é do Ṗontius Pílát, an riaġaltóir.


D’airiġeaḃair an diaṁasla: cad a ċítear daoiḃ? Agus duḃradar go léir go raiḃ bás tuillte aige.


Agus ar maidin lár n-a ṁáireaċ go luaṫ ċuaiḋ uaċtaráin na sagart i gcóṁairle leis na seanóiríḃ agus leis na Sgríḃneóiríḃ, agus leis an gcóṁairle ċoitċian, agus ṫugadar suas Íosa, gaḃṫa, do Ṗílát.


Agus ċrom sé ar a ṫeagasg dóiḃ nár ḃfoláir do Ṁac an Duine mórán d’ḟulang, agus na seanóirí ’ġá ṡéanaḋ, agus uaċtaráin na sagart, agus na Sgríḃneóirí; agus go gcurfaí ċun báis é, agus tar éis trí lá go n-eíreóċaḋ sé ó’n mbás.


Aċ deirim-se liḃ-se go dtáinig Elias ċeana féin, agus gur imreadar a dtoil air, mar atá sgríoḃṫa ’n-a ṫaoḃ.


Aċ níor ṫuigeadar an ċaint, agus ḃí sgáṫ orṫa é ċeistiú.


Agus is aṁlaiḋ a liúġadar níos aoirde: Dein é ċéasaḋ; dein é ċéasaḋ.


’Ġá ráḋ: Ní foláir do Ṁac an Duine mórán d’ḟulang, agus go séanfaḋ na seanóirí é, agus uaċtaráin na sagart, agus na Sgríḃneóirí, agus go gcurfaí ċun báis é, agus go n-aiseireóċaḋ sé an tríṁaḋ lá.


Ansan do rugadar Íosa leó ó Ċáiṗas go dtí an Praetórium. Ḃí sé ’n-a ṁaidin an uair sin, agus níor ċuadar féin isteaċ sa halla, i dtreó ná truailleófaí iad, agus go n-íosfaidís an ċáisg.


Ionus go gcóṁlíonfaí focal Íosa, an focal aduḃairt sé ’ġá ċur i n-iúil cad é an bás a ġeoḃaḋ sé.


D’ḟreagair Íosa: Ní ḃeaḋ aon níḋ ar do ċumas am’ aġaiḋ mura mbeaḋ gur tugaḋ duit é ó’n áit ṫuas. Uime sin an t-é a ṫug suas duit mé, is mó an peaca atá air.


Óir níor aiṫın muinntir Ierúsalem é, agus níor aiṫin uaisle Ierúsalem é, ná guṫana na ḃfáiḋ, bíoḋ go léiġtear iad gaċ sabbóid, agus ṫugadar breiṫ air agus ċóṁlíonadar guṫana na ḃfáiḋ.


Agus féaċ táim ag dul go Ierúsalem fé ċeangal na spioraide, agus ní fios dom cad ’tá le h-imṫeaċt orm ann,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ