Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 10:32 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

32 Agus ḃíodar ar an slíġ ag dul suas go Ierúsalem; agus ḃí Íosa rómpa amaċ, agus ḃí iongna orṫa, agus ḃíodar ag teaċt ’n-a ḋiaiḋ agus eagal orṫa. Agus do tog sé an dáréag airís, agus ċrom sé ar a ḋ’innsínt dóiḃ cad a ḃí le tuitim amaċ dó:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

32 Agus ḃí siad ar an ḃealaċ ag dul suas go h-Ierusalem, agus ḃí Íosa ag siuḃal rompa, agus ḃí iongantas orṫa, agus ġá leanaṁaint dóiḃ, ḃí eagla orṫa. Agus ġaḃ sé ċuige an dáréag arís agus ṫoisiġ sé a innse ḋóiḃ na neiṫe a ḃí le tuitim amaċ dó:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

32 Agus do ḃíodar ar an sliġe, ag dul suas go h‐Iarúsalem; agus do ḃí Íosa ag siuḃal rómpa: agus do ḃí iongnaḋ orṫa: agus do ḃí eagla orṫa‐san agus iad ag leanaṁain ’n‐a ḋiaiḋ. Agus ṫug sé an dá‐réag i leaṫtaoiḃ arís, agus do ṫosnuiġ sé ar a innsin dóiḃ cad iad na neiṫe do ṫarlóċaḋ dó,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

32 Agus do ḃádar ar a tsliġe ag dul súas go Híerusaleim; agus do ḃí Iósa rompa: agus do ġaḃ iongantus íad; agus agá leanṁuin, do ġaḃ eagla íad. Agus ar mbreiṫ an dá ḟear ḋéug ḋó a ris, do ṫionnsgain sé na neiṫe do ṫeigéuṁaḋ ḋó dinnisin dóiḃ,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 10:32
12 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Sa n-am san d’ḟreagair Íosa agus duḃairt: Adṁuiġim ad’ láṫair-se, a Aṫair, a Ṫiġearna neiṁe agus talṁan, mar gur ċeilis na neiṫe seo ar luċt eagna agus tuisgiona, agus gur noċtais iad do naoiḋeanaiḃ.


Agus d’ḟreagair sé agus duḃairt: Mar do tugaḋ daoiḃ-se eólus do ċur ar rú nDiaṁraiḃ ríġeaċta na ḃflaṫas; do’n ċuid eile, áṁṫaċ, níor tugaḋ san.


Agus ṫáinig iongna ar na daoine go léir, agus ḃíodar ag fiafraiġe ḋá ċéile; agus deiridís: Cad é seo? cad é an teagasg nua é seo? go gcuireann sé smaċt ar na h-annspridíḃ truailliġṫe féin, agus go ngéillid siad dó?


Agus níor laḃair sé leó aċ i soluídíḃ; aċ do ṁíniġ sé gaċ aon rud d’á ḋeisgiobulaiḃ i leiṫ taoiḃ.


Agus d’iompuiġ sé ċun a ḋeisgiobul, agus duḃairt sé: Is aoiḃinn do sna súiliḃ a ċíonn na neiṫe a ċíonn siḃ-se.


Agus nuair a ḃí an méid sin ráiḋte aige, ċuaiḋ sé ar aġaiḋ ag dul suas go h-Ierúsalem.


Agus do ṫárla, fé mar a ḃí laeṫanta a ḋeasgaḃála d’á gcríoċnú, go raiḃ a ġnúis daingean aige féin ar ḋul go Ierúsalem.


Ansan duḃairt Tomás, ar a dtugtar Didimus, le n-a ċóṁ-ḋeisgiobuil: Téiġmís-ne mar an gcéadna, ionus go ḃfaiġmís bás i n-aonḟeaċt leis.


Duḃairt a ḋeisgiobuil leis: A Rabbí, ḃí na Iúdaiġ a d’iarraiḋ gaḃáil do ċloċaiḃ ionat anois, agus an ḃfuilir ag dul ċun na h-áite sin airís?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ