Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 10:22 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Agus do ċuir an ċaint sin buairt ar an nduine, agus d’imṫiġ sé fé ḃrón; mar duine ab eaḋ é go raiḃ a lán saiḋḃris aige.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

22 Aċt ċuir an ċainnt sin buaiḋreaṁ mór air agus dʼimṫiġ sé fá ḃrón; óir ba duine é a raiḃ mórán saiḋḃris aige.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Aċt ar gclos na cainnte sin dó, ṫáinig cuma an ḃróin ar a éadan, agus d’imṫiġ sé go h‐atuirseaċ, mar ba ḋuine é ag a raiḃ mórán saiḋḃris.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

22 Agus do ġaḃ doilġeas eisean ar son an ċoṁráiḋ sin, agus do imṫiġ sé go tuirseaċ: óir do ḃí iomad saiḋḃris aige.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 10:22
20 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus an t-é a ġlac an siól ins na sgeaċaiḃ, siné an t-é a ċloiseann an briaṫar, agus go ndeineann cúram an tsaoġail seo agus meallaḋ saiḋḃris an briaṫar do ṁúċaḋ, agus bíonn sé gan toraḋ.


Nuair airiġ an t-ógánaċ an ċaint sin, áṁṫaċ, d’imṫiġ sé agus é go buarṫa; mar fear ab eaḋ é go raiḃ mórán saiḋḃir aige.


Ansan nuair a ċonaic Iúdás, a ḋíol é, go raiḃ sé daor ċun báis, ṫáinig aiṫreaċas air, agus ṫug sé an tríoċad píosa airgid ṫar n-ais ag triall ar uaċtaránaiḃ na sagart agus ar na seanóiriḃ.


Ansan d’ḟéaċ Íosa air, agus ṫug sé gráḋ ḋó, agus duḃairt sé leis: Tá aon níḋ aṁain i n-easnaṁ ort: imṫiġ agus díol a ḃfuil agat agus taḃair dos na boċtaiḃ é, agus beiḋ saiḋḃreas ar neaṁ agat; agus tar agus lean mise.


Agus d’ḟéaċ Íosa ’n-a ṫímpal agus duḃairt sé le n-a ḋeisgiobuil: Náċ deacair do luċt saiḋḃris dul isteaċ i ríġeaċt Dé!


Óir ḃí eagal ar Héród roim Eóin, mar ḃí ḟios aige gur ḋuine naoṁṫa, fíoraonta é, agus ḃí sé ’ġá ċoimeád, agus ḋeineaḋ sé a lán neiṫe ar a ċóṁairle, agus ṫugaḋ sé cluas dó go toilteanaċ.


Agus ṫáinig buairt ar an rí; mar ġeall ar an ndearḃú agus ar na daoine a ḃí láiṫreaċ níor ṁaiṫ leis dólás a ċur uirṫi;


Agus duḃairt sé leó-san: Féaċ, seaċnaiḋ gaċ saint; óir ní sa ḃflúirse atá ag aoinne, de sna neiṫe is leis, atá a ḃeaṫa.


Nuair airiġ seisean an méid sin ṫáinig buairt air, mar fear ana-ṡaiḋḃir ab eaḋ é.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ